Lúcas 15:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)4 Cia agaiḃ‐se ag a ḃfuil céad caora, agus go gcaillfeaḋ sé ceann aca, naċ ḃfágann na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid sa ḃfásaċ, agus naċ dtéid ar lorg na caoraċ do cailleaḋ nó go ḃfaġann sé í? Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)4 Cé’n ḋuine agaiḃ a ḃfuil céaḋ caora aige, agus má ċailleann sé ceann acu, naċ ḃfágann sé na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid san ḟásaċ, agus naċ dtéid i ndiaiḋ an ċinn a cailleaḋ, nó go ḃfaġaiḋ sé í? Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)4 Cé’cu agaiḃ-se go mbeaḋ céad caora aige, agus go raġaḋ caora acu amú uaiḋ, ná fágfaḋ na naoi gcinn déag agus ċeiṫre fiċid sa ḃfásaċ agus ná raġaḋ ar lorg an ċinn a cailleaḋ go dtí go ḃfaġaḋ sé í? Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)4 Cía agaiḃsi duine, agá ḃfuil céad cáora, agus do léigfeaḋ áon díoḃ a muġa, naċ ḃfágann na naói gcaóiriḋ déug agus ceiṫre fiċid ar an ḃfásaċ, agus naċ dtéid a ndiáiġ na caoraċ úd do ċúaiḋ a muġa, nó go ḃfafann sé í? Faic an caibideil |