Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 15:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Óir ḃí an mac seo liom marḃ, agus d’éiriġ sé beo arís; ḃí sé caillte, agus fuarṫas é. Agus ṫoisiġ siad a ḃeiṫ súgaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Óir ḃí an mac so liom marḃ, agus tá sé beó airís; do cailleaḋ é, agus do fuaraḋ é. Agus ċromadar ar ḃeiṫ go sóġaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Oir fuáir mo ṁac ann so bás, agus do aiṫḃéoḋuiġ sé: agus do ċúaiḋ sé a muġa, agus friíṫ é. Ar a nadḋḃar, sindo ṫionnsgnadar ḃeiṫ go sugaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 15:24
34 Iomraidhean Croise  

Aċt aduḃairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin d’aḋlacaḋ.


Agus ṫángadar go Bétsáida. Agus ṫugadar dall ċuige, agus d’iarradar air a láṁ do ċur air.


Féaċaiḋ, atá cumas taḃarṫa agam daoiḃ ċum naṫraċa niṁe agus scairpeanna do ḃrúġaḋ fá ċois, agus buaiḋ ar gaċ neart na náṁad: agus ní ḋéanfaiḋ éinniḋ anaċain ar biṫ oraiḃ.


agus beiriḋ liḃ an laoġ biaḋta, agus marḃuiġiḋ é, agus bímís ag iṫe, agus ag déanaṁ suilt:


Agus do ḃí a ṁac ba ṡine amuiġ ar an ḃfearann: agus ag druidim i ngar do’n tiġ ḋó, d’airiġ sé an ceol agus an rinnce.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Cia agaiḃ‐se ag a ḃfuil céad caora, agus go gcaillfeaḋ sé ceann aca, naċ ḃfágann na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid sa ḃfásaċ, agus naċ dtéid ar lorg na caoraċ do cailleaḋ nó go ḃfaġann sé í?


Óir ṫáinig Mac an Duine ċum a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú.


Agus aduḃairt seisean leis, Leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin do ċur; aċt imṫiġ‐se agus fógair ríoġaċt Dé go foirleaṫan.


Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé:


Óir fá mar ṫógas an t‐Aṫair na mairḃ agus aiṫḃeoḋuiġeas sé iad, ar an gcuma ċéadna aiṫḃeoḋuiġeann an Mac na daoine is toil leis.


Óir má’s é réiḋteaċ an tsaoġail ṫáinig as diúltaḋ ḋóiḃ, créad ḃéas ann, má glactar leo aṫuair, aċt beaṫa ó na marḃaiḃ?


Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.


Mar sin daoiḃ‐se, measaiḋ siḃ féin ḃeiṫ marḃ do’n ṗeacaḋ, aċt ḃeiṫ beo do Ḋia tré Íosa Críost.


agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.


Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta,


nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis,


uime sin adeirtear, Dúisiġ, ṫusa atá id’ ċodlaḋ, Agus éiriġ as lár na marḃ, Agus soillseoċaiḋ Críost ort.


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ.


Atáid mar ḃéaḋ cairrgeaċa foluiġṫe ’n‐ḃur ḃfleaḋannaiḃ gráḋa, ag iṫe go craosaċ, mí‐náireaċ ’n‐ḃur gcuiḃreann, ag taḃairt aire ḋóiḃ féin aṁáin; néallta gan uisce d’á scuabaḋ le gaoṫaiḃ; crainn fóġṁair gan toraḋ, atá marḃ fá ḋó, do tarraingeaḋ as a ḃfréaṁaiḃ;


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan