Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 15:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Mar sin, deirim liḃ, go mbéiḋ lúṫġáir i láṫair angle Dé fá aon ṗeacaċ a ġní aiṫriġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Deirim-se liḃ-se gur b’ ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas i láṫair aingeal Dé mar ġeall ar aon ṗeacaċ amáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Mar an gcéadna, a deirim riḃ, Bí gáirdeaċas ar aingliḃ Dé trí éin ṗeacṫaċ aṁáin do ní aiṫriġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 15:10
23 Iomraidhean Croise  

D’á ḃriġ sin, gaċ duine adṁóċas mise i láṫair na ndaoine, adṁóċad‐sa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ.


Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Ar an gcuma ċéadna ní toil le n‐ḃúr nAṫair atá ar neaṁ go gcaillfiḋe aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo.


Agus adeirim liḃ, Cibé duine adṁóċas mise i ḃfiaḋnaise na ndaoine, adṁóċaiḋ Mac an Duine eisean i ḃfiaḋnaise aingeal Dé:


aċt an té ṡéanfas mise i ḃfiaḋnaise na ndaoine, séanfar eisean i ḃfiaḋnaise aingeal Dé.


Adeirim liḃ, Níorḃ eaḋ: aċt muna ndéanaiḋ siḃ‐se aiṫriġe, bascfar siḃ uile ar an gcuma ċéadna.


Agus aduḃairt sé, Do ḃí fear ann agus ḃí beirt ṁac aige:


Adeirim liḃ gur ab ar an gcuma ċéadna ḃéas áṫas ar neaṁ mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe, seaċas naoi ḃfíréin déag agus ceiṫre fiċid naċ ḃfuil gáḃaḋ le h‐aiṫriġe aca.


Agus nuair do‐ġeiḃ sí é, glaoḋann sí ċuiċi a cáirde agus a cóṁarsana, g‐á ráḋ, Déanaiḋ gáirdeaċas liom, óir fuaras an bonn do ċailleas.


D’á ḃriġ sin adeirim leat, Atá a peacaiḋe, a lán mór peacaiḋe, maiṫte ḋí; óir ba ṁór é a gráḋ: aċt an té d’á maiṫtear beagán, is beag é a ġráḋ.


Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.


Aċt d’ḟoscail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt,


Óir do‐ḃeir an doilġeas diaḋa aiṫriġe ċum slánuiġṫe naċ dtugann aiṫṁéala: aċt do‐ḃeir doilġeas an tsaoġail an bás.


Óir dob’ ḟéidir gurḃ aṁlaiḋ do ḃí sé scarṫa leat ar feaḋ tréiṁse ċum go mbéaḋ sé agat go deo;


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan