Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 14:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Óir cia aca ḋíḃ‐se gur mian leis túr do ṫógáil, naċ suiḋeann síos ar dtús ċum an costas do ṁeas, d’ḟéaċain an ḃfuil a ḋóṫain aige le críoċ do ċur air?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Óir cé agaiḃ, agus mian aige túr a ṫógáil, naċ suiḋeann síos ar dtús leis an ċostas a ḃíos riaċtanaċ a ċunntas, féaċaint an ḃfuil go leor aige le n-a ċríoċnuġaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Óir cé’cu agaiḃ-se gur ṁaiṫ leis túr do ċur suas ná suiḋfeaḋ síos ar dtúis ċun an ċosdais, nár ḃfoláir a ḋéanaṁ, do ṁeas, féaċaint an mbeaḋ dóiṫin na h-oibre aige?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Oír cía agaiḃsi duine le maḋ mian tor do ḋeanaṁ, naċ suiḋfeaḋ ar tús, do ṫeilgean cuntais an ċosdúis, an mbiaḋ acfuinn aige ċum críċe do ċur air?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 14:28
12 Iomraidhean Croise  

Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Cibé duine naċ n‐iomċarann a ċros féin, agus naċ leanann mise, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam.


Ar eagla, ṫar a éis dó an bun do ċur, agus gan ar ċumas dó a ċríoċnú, go dtosnóċaiḋ gaċ duine ḟéaċas air ar ḃeiṫ ag magaḋ faoi,


Ar an gcuma ċéadna, gaċ duine agaiḃ‐se naċ ndiúltann do gaċ a ḃfuil aige, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam‐sa.


Annsin d’ḟreagair Pól, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? óir atáim‐se ullaṁ, ní h‐é aṁáin ċum ḃeiṫ ceangailte, aċt fós ċum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tiġearna Íosa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan