Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 14:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Má atá aon duine ag teaċt ċugam‐sa, agus gan fuaṫ aige d’á aṫair, agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi, agus d’á ċlainn, agus d’á ḋearḃráiṫriḃ, agus d’á ḋeirḃṡeaṫraċaiḃ, agus fós d’á anam féin, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Má ṫig aoinneaċ ċugam-sa, agus gan fuaṫ aige ar a aṫair, agus ar a ṁáṫair, agus ar a ṁnaoi, agus ar a ċloinn, agus ar a ḋearḃráiṫre, agus ar a ḋeirḃṡeaṫraċa, agus fosta fiú ar a anam féin, ní féidir dó a ḃeiṫ ina ḋeisciobal agam.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Má ṫagann duine ċúġam-sa agus gan fuaṫ aige d’á aṫair agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi agus d’á ċlainn, agus d’á ḋriṫáraċa agus d’á ḋriféaraċa, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Giḋ bé ṫig ċugamasa, agus naċ sé a aṫair, agus a ṁaṫair, agus a ḃean, agus a ċlann, agus a ḋearḃraiṫreaċa, agus a ḋeirḃsiúreaċa, agus fós a anam fein, ní heidir leis ḃeiṫ na ḋeiscipbal agamsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 14:26
18 Iomraidhean Croise  

An té gurb annsa leis a aṫair nó a ṁáṫair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a ṁac nó a inġean ’ná mise ní fiu é mise.


Agus aduḃairt duine eile, Do ṗósas bean, agus ní féidir liom teaċt.


Agus do ḃí sluaiġte daoine ag dul i n‐éinḟeaċt leis: agus do ċas sé, agus aduḃairt sé leo,


An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoġal so, coiṁéadfaiḋ sé ċum na beaṫaḋ síorraiḋé é.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Mar tá scríoḃṫa, Ṫugas gráḋ do Iácób, aċt ṫugas fuaṫ d’Ésau.


Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost,


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan