Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 13:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus aduḃairt sé leis an ḃfíon‐ċuradóir, Féaċ, atáim le trí bliaḋnaiḃ ag teaċt ar lorg torṫa ar an gcrann fige seo, agus ní ḟaġaim: leag é; cad ċuige an talaṁ do ċur amuġa gan tairḃe d’á ḋeascaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus duḃairt sé le saoṫruiġṫeoir an ḟíonġuirt: Féaċ, le trí bliaḋna tá mé ag teaċt a ċuartuġaḋ torṫa ar an ċrann fíge seo, agus ní ḟaġaim é; gearr anuas é, ḋá ḃríġ sin: cad ċuige a ḃfuil sé ag cuṁanglaḋ ar an talaṁ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus duḃairt sé leis an saoṫruiġṫeóir: Féaċ, táim le trí bliana ag teaċt anso ag lorg toraḋ ar an gcrann fíge seo agus ní ḃfaġaim é; gearr é: cad ċuige go mbeaḋ an talaṁ aige?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus a duḃairt sé ris an ngárradóir, Féuċ, atáim ré trí bliáḋuiḃ ag teaċd diárruiḋ toruiḋ ar an gcrann fígsi, agus ní faġaim: gear é; cred fá gcungṁann sé an fearann go neaṁṫarḃaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 13:7
11 Iomraidhean Croise  

Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leis, A ṫiġearna, leig dó an ḃliaḋain seo,


Agus ċeana féin atá an tuaġ curṫa ar ḟréiṁ na gcrann: gaċ uile ċrann, d’á ḃriġ sin, naċ dtugann toraḋ maiṫ uaiḋ, gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Aon duine naċ ḃfanann ionnam‐sa, caiṫtear é amaċ aṁail craoḃ, agus feoġann sé; agus bailiġtear iad agus caiṫtear isteaċ sa teiniḋ iad, agus dóiġtear iad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan