Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 13:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Is cosṁail í le gráinne síl mustaird, do ġlac duine ċuige, agus do ċuir ’n‐a ġarrḋa féin; agus d’ḟás sé, agus d’éiriġ sé ’n‐a ċrann; agus do neaduiġ éanlaiṫe na spéire ’n‐a ġéagaib.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Is cosaṁail í le gráinnín de ṡíol mustáird a ġlac duine gur ċuir ina ġarrḋaḋ é, agus d’ḟás sé, agus d’éiriġ sé ina ċrann ṁór, agus ċóṁnuiġ éanaċa an aeir ina ġéaga.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Is cosṁail é le gráinne mustáird n-ar ḋein duine é ṫógaint agus é ċur ’n-a ġáirdín, agus d’ḟás sé, ’gus ḋein crann mór de, agus do neaduiġ éanlaiṫe an aéir ’n-a ġéagaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Is cosṁuil ré gráinne musdaird í, do ġaḃ duine ċuige, agus do ċuir sé ann a ġárrḋa; agus dfás sé, agus dó rinneaḋ crann mór ḋe, agus do rinneadar éanlaiṫ a naiéir néid ann a ġéaguiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 13:19
38 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt seisean leo, Mar ġeall ar ḃúr n‐easbaiḋ creidiṁ: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Dá mbéaḋ oiread le gráinne síl mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an sliaḃ so, Aistriġ as so annsúd anonn; agus aistreoċaiḋ sé; agus ní ḃéiḋ éinniḋ ann naċ mbéiḋ ar ċumas daoiḃ a ḋéanaṁ.


Agus aduḃairt sé, Cad leis an saṁlóċaimíd ríoġaċt Dé? cad í an tsaṁlaoid ’n‐a dtais‐beánfaimíd í?


Agus aduḃairt an Tiġearna, Dá mbéaḋ oiread gráinne síl mustaird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do ḟréaṁaċaiḃ tú, agus curtar sa ḃfairrge ṫú; agus do‐ġéanaḋ sé de réir mar d’órduiġis.


Do baisteaḋ iad‐san do ġlac le n‐a ḃriaṫar: agus do cuireaḋ leo an lá sin tuairim trí míle anam.


Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt:


Aċt do ċreid a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar; agus do ṁéaduiġ uiṁir na ndaoine go tuairim cúig míle.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan