Lúcas 13:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Aċt d’ḟreagair an Tiġearna é, agus aduḃairt, A ḃréigḟíréana, naċ scaoileann gaċ duine agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus naċ gcinnireann sé ċum uisce é? Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)15 Agus d’ḟreagair an Tiġearna é, agus duḃairt: A ḃréag-ċráiḃṫeaċa, naċ scaoileann gaċ aoinneaċ agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n ṁainséar, agus naċ dtreoruiġeann sé amaċ é le deoċ uisce d’ól, ar an tsabóid? Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Agus d’ḟreagair an Tiġearna é agus duḃairt sé: A ċealgairí, ná sgaoileann gaċ aoinne agaiḃ-se a ḃó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé ċun uisge iad, lá na sabbóide? Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)15 Uime sin do ḟreagair an Tiġearna ḋó, agus a duḃairt sé, A ḟir an ḟúarċráḃuiḋ, a né naċ sgáoileann gaċ áon nduine agaiḃ féin a ḋaṁ nó a asal ón ṁainnsér lá na saḃóide, agus naċ beireann sé ċum uisge é? Faic an caibideil |