Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 13:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do ċonnaic Íosa í, do ġlaoḋ sé ċuige í, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, atá tú saor ód’ laige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus nuair a ċonnaic Íosa í, ġoir sé ċuige í, agus duḃairt léi: A ḃean, tá tú scarṫa le d’éagcruaḋas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus nuair a ċonaic Íosa í do ġlaoiḋ sé ċuige uirṫi, agus duḃairt sé léi: A ḃean, táir sgarṫa led’ġearán.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus an tráṫ do ċunnair Iósa í, do goir sé ċuige í, agus a dúḃairt sé ría, A ḃean, atá tú sgáoilti ód éagcrúas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 13:12
9 Iomraidhean Croise  

Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, tugaḋ ċuige a lán daoine i n‐a raiḃ deaṁain: agus do ċaiṫ sé amaċ na spioraide le n‐a ḟocal, agus do leiġeas sé na daoine do ḃí breoite:


Agus féaċ, bean ’n‐a raiḃ spioraid lag‐ḃriġe le h‐oċt mbliaḋnaiḃ déag; agus do ḃí sí cromṫa, agus ní raiḃ ar ċumas dí í féin do ḋíriú ar ċor ar biṫ.


Agus do ċuir sé a láṁa uirṫi: agus ar an láṫair d’éiriġ sí díreaċ, agus ṫug sí glóir do Ḋia.


Agus an ḃean so, inġean Abraċaim, do ḃí fá ċeangal ag Sátan le h‐oċt mbliaḋna déag anuas, nár ċeart í do scaoileaḋ ó’n gceangal sin, lá na sabóide?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan