Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 12:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus duḃairt sé leo: Taḃairigiḋ aire agus seaċnaigiḋ an uile ṡainnt, óir ní i ḃflúirse na neiṫe a ḃíos i seilḃ duine atá a ḃeaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus duḃairt sé leó-san: Féaċ, seaċnaiḋ gaċ saint; óir ní sa ḃflúirse atá ag aoinne, de sna neiṫe is leis, atá a ḃeaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt sé riú, Feaċaiḋ, agus seaċnuiḋ siḃ ar a tsaint: oír ní a níomarcuiġ an tsaíḋḃris atá ag duine air biṫ atá a ḃeaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 12:15
34 Iomraidhean Croise  

agus aḋaltrannas, agus sainnt, agus cuirpṫeaċt, agus cealg, agus ainṁian, agus droċ‐ṡúil, agus dia‐ṁaslaḋ, agus uaḃar, agus baois:


Agus do laḃair sé saṁlaoid leo, Ṫug talaṁ acfuinniġ éigin toraḋ mór:


Agus do ḃí na Fairisíniġ, dream do ḃí tugṫa do’n tsainnt, do ḃí siad ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin uile; agus do‐rinneadar magaḋ faoi.


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta.


ná luċt sainnte, ná meisceoirí, ná masluiġṫeoirí, ná foġlaiḋṫe, ní ḃfaiġiḋ siad‐san ríoġaċt Dé mar oiḋreaċt.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa,


Biḋiḋ saor ó ġráḋ an airgid; sásta leis an méid atá agaiḃ: óir aduḃairt sé féin, Ní ċlisfead ort, agus ní ṫréigfead go deo ṫú.


Atá súile lán d’aḋaltrannas aca, súile naċ scurann de’n ṗeacaḋ; ag meallaḋ na n‐anmann neaṁ‐ṡeasṁaċ; agus atá a gcroiḋeaċa cleaċta ar an sainnt;


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan