Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Mar sin do‐ḃeir siḃ fiaḋnaise go ḃfuil siḃ ar aon inntinn le n‐ḃúr sinnsearaiḃ ’n‐a ngníoṁarṫaiḃ: do marḃadar‐san iad, agus tógann siḃ‐se leaċta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Go deiṁin ḃeir siḃ fiaḋnaise go n-aontuiġeann siḃ le gníoṁarṫa ḃur n-aiṫreaċ, óir ṁarḃ siad-san iad, agus tógann siḃ-se a dtuambaí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Go deiṁin taisbeánann siḃ go ḃfuiltí ar aon aigne le nḃúr n-aiṫreaċaiḃ ’n-a ngníoṁarṫaiḃ, ḃúr n-aiṫreaċa ’ġá marḃaḋ agus siḃ-se ag cur na leaċt suas dóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Go deiṁin do níṫi fiáḋnuisi go moltáoi gnióṁarṫa ḃur naiṫreaċ: oír do ṁarḃadarsan iád, agus do níṫíse tuamuiḋe ḋóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:48
14 Iomraidhean Croise  

Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairsíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir is cosṁail siḃ le tuamaiḃ aolta, ḃíos go taiṫneaṁaċ le feicsin ar an taoḃ amuiġ, aċt atáid istiġ lán de ċnáṁaiḃ daoine marḃ, agus de’n uile ḃréantas.


D’á ḃriġ sin is fiaḋnaise ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ féin do‐ġní siḃ, gur siḃ‐se clann na ndaoine do ṁarḃ na fáiḋe.


Is mairg daoiḃ! óir tógann siḃ tuamaí na ḃfáiḋ, agus gurḃ iad ḃúr sinnsir do ṁarḃ iad.


Ar an aḋḃar sin aduḃairt eagna Dé, Cuirfead fáiḋe agus abstail ċuca; agus marḃócaid cuid aca, agus do‐ġéanaid géirleanaṁain orṫa;


daoine, giḋ gur ab eol dóiḃ breiṫ Dé, is é sin go dtuilleann a leiṫéidí bás, ní h‐é aṁáin go ndéanann siad féin iad, aċt go n‐aon‐tuiġeann siad leis an dream do‐ġní iad.


Glacaiḋ mar ṡompla fulaing agus foiḋne, a ḃráiṫre, ná fáiḋe do laḃair i n‐ainm an Tiġearna.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan