Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Aċt taḃairigiḋ déirc as an méid a ḃíos fágṫa, agus féaċ, bíonn gaċ níḋ glan díḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Aċ ċeana, d’á ḃfuil agaiḃ tugaiḋ déirc uaiḃ, agus féaċ, tá gaċ níḋ glan daoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Ar a naḋḃarsin táḃruiḋ deíre uáiḃ do na neiṫiḃ atá a láṫair aguiḃ; agus, féuċ, bíaiḋ na huile neiṫeġan díḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:41
37 Iomraidhean Croise  

Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe; aċt ní ḃéiḋead‐sa i gcóṁnaiḋe i n‐ḃúr ḃfoċair.


Taḃair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuiġ ó’n té gur mian leis rud d’ḟáġáil ar iasaċt uait.


mar naċ dtéid sé isteaċ ’n‐a ċroiḋe, aċt ’n‐a ḃolg, agus téid sé amaċ sa gcamra? ’g‐a ċur i gcéill gur glan an uile ṡórt biḋ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Agus d’éiriġ Sacċéus ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leis an Tiġearna, Féaċ, A Ṫiġearna, do‐ḃeirim a leaṫ dem’ ṁaoin do na boċtaiḃ; agus má ḃaineas éinniḋ san éagcóir d’aon duine, do‐ḃeirim a ċeiṫre oiread ar ais dó.


Agus do laḃair an guṫ arís leis, an dara h‐uair, An niḋ do ġlan Dia, ná déan‐sa neaṁ‐ġlan é.


Agus do ṡocruiġ na deisceabail caḃair, de réir gustail gaċ duine, do ċur ċum na mbráiṫreaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIúdaea:


Anois, tar éis bliaḋan fada, ṫáinig mé le déirc do ṫaḃairt dom’ ċineaḋ féin agus le h‐íoḋbairt do ḋéanaṁ:


Óir má tá an deaġ‐ṫoil ann, glactar léi do réir a ḃfuil ag duine, ní h‐é do réir a ḃfuil i n‐easnaṁ air.


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


Is glan gaċ niḋ do’n dream atá glan: aċt ní glan éinniḋ do’n dream neaṁ‐ġlan, díċreidṁeaċ; aċt atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truailliġṫe.


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Is í is fíor‐ċráiḃṫeaċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, cuairt do ṫaḃairt ar na dílleaċtaiḃ agus ar na baintreaḃaċaiḃ i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoġal a ṫruailliú féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan