Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus maiṫ ḋúinn ár bpeacaiḋe; mar ṁaiṫimíd‐ne ḋóiḃ‐sean ar a ḃfuil fiaċa againn. Agus na seol i gcaṫú sinn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus maiṫ dúinn ár bpeacaiḋe, mar a ṁaiṫimíd-ne do gaċ aon ar a ḃfuil fiaċa againn, agus ná leig sinn i gcaṫuġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus maiṫ ḋúinn ár gcionta mar ṁaiṫimídne do ċáċ a ḋeineann cionta i n-ár u-aġaiḋ; agus ná leig sin i gcaṫaíḃ, aċ saor sin ó olc.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus maiṫ ḋuinn ar bpeacaiġ; óir maiṫmídne da gaċ áon air a ḃfuil fiaċa aguinn. Agus na leíg sinn a ccaṫuġaḋ; aċd soar inn ó olc.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:4
31 Iomraidhean Croise  

Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.


Déanaiḋ faire agus biḋiḋ ag guiḋe, ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫú: bíonn an spioraid toilteanaċ, aċt bíonn an ċolann lag.


Agus aduḃairt sé leo, Cia aca ḋíoḃ‐se, go mbéiḋ cara aige, agus go raċaiḋ sé ċuige i lár na h‐oiḋċe, agus go n‐abróċaiḋ sé leis, A ċara, taḃair trí bollóga aráin ar iasaċt dom;


Nó an t‐oċtar déag úd gur ṫuit an túr i Silóam orṫa, agus gur ṁarḃ sé iad, an measann siḃ gur ṁó ba ċionntaċ iad‐san ṫar a ḃfuil de ḋaoiniḃ i nIarúsalem?


éiriġiḋ agus déanaiḋ urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫuiġṫiḃ.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoġal, aċt iad do ċosaint ar an olc.


Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.


ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se,


Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ.


Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.


Óir breiṫeaṁnas gan trócaire is eaḋ ġeoḃas an té naċ ndearna trócaire: buaḋann an trócaire ar an mbreiṫeaṁnas.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan