Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Is í do ṡúil solas do ċuirp: nuair ḃíos do ṡúil glan, bíonn do ċorp uile soillseaċ, ċóṁ maiṫ; aċt nuair ḃíos sí go h‐olc, bíonn do ċorp sa dorċadas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Is í do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan, béiḋ do ċorp uilig soillseaċ; aċt má ḃíonn sí olc, béiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Is í do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan beiḋ do ċorp go léir soillseaċ, aċ má bíonn sí go h-olc beiḋ do ċorp go léir i ndorċadas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 A sí an tsúil solus an ċuirp: ar a naḋḃarsin a núair ḃias do ṡúil glan, biáiḋ do ċorp uile soillseaċ; aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biáiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:34
28 Iomraidhean Croise  

ionnas, ag féaċain dóiḃ, go ndearcfaidís agus naċ ḃfeicfidís; agus ag éisteaċt dóiḃ, go n‐éistfidís agus naċ dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóċaidís, agus go maiṫfiḋe a bpeacaiḋe ḋóiḃ.


agus aḋaltrannas, agus sainnt, agus cuirpṫeaċt, agus cealg, agus ainṁian, agus droċ‐ṡúil, agus dia‐ṁaslaḋ, agus uaḃar, agus baois:


Atá súile agaiḃ, agus naċ ḃfeiceann siḃ? atá cluasa agaiḃ, agus naċ gcuiṁniġeann siḃ?


Taḃraiḋ aire, d’á ḃriġ sin, naċ dorċadas an solas atá ionnat.


Agus féaċ anois, atá láṁ an Tiġearna ort, agus béiḋir id’ ḋall, gan solas na gréine d’ḟeicsin go ceann tamaill. Agus leis sin do ṫuit scamall agus dorċaċt air; agus ag siuḃal dó, ḃí sé ag iarraiḋ duine do‐ḃéarfaḋ láṁ dó.


Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe,


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air:


A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal d’ḃur máiġistriḃ do réir na feola, le h‐eagla agus le crioṫnú, i simpliḋeaċt ḃur gcroiḋe, mar ḋeanfaḋ siḃ do Ċríost é;


A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal do ḃur máiġistriḃ do réir na feola, ní le súil‐ṡeirḃís, mar ḃéaḋ siḃ d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt le deaġ‐ṫoil croiḋe,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan