Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus duḃairt sé leo: Nuair a ġní siḃ urnaiġe, abraigiḋ: A Aṫair, go naoṁṫar d’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus duḃairt sé: Nuair a ḃeiḋ siḃ ċun úrnuiġṫe déanaṁ abraiḋ: Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim, go dtagaiḋ do ríġeaċt, go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a duḃairt seision ríu, A núair do ḋéantáoi urnuiġe, abraiḋ, Ar naṫair atá ar neaṁ, naoṁṫar hainin. Tigeaḋ do rioġaċd. Déantar do ṫoil, ar an talaṁ, mar atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:2
45 Iomraidhean Croise  

D’á ḃriġ sin, gaċ duine adṁóċas mise i láṫair na ndaoine, adṁóċad‐sa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


Agus ṫarla, agus é ag déanaṁ urnaiġe i n‐áit áiriṫe, go nduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ leis, nuair do stad sé, A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe do ḋéanaṁ, fá mar ṁúin Eoin d’á ḋeisceablaiḃ féin.


mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.


Grása ḋaoiḃ, agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


ṫug é féin i n‐éiric ár bpeacaiḋe, ċum go saorfaḋ sé ó’n aois uilc so atá ann de láṫair, do réir tóla ár nDé agus ár nAṫar,


grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Anois glóir do Ḋia agus d’ár nAṫair go saoġal na saoġal. Amen.


ċum na naoṁ agus ċum na mbráṫar dílis i gCríost atá i gColossae, grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair.


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Cia h‐é naċ mbéiḋ eagla air róṁat, a Ṫiġearna, agus naċ dtiuḃraiḋ glóir dot’ ainm? Óir is tusa aṁáin atá naoṁṫa; agus tiocfaiḋ na ciniḋeaċa uile agus sléaċtfaiḋ siad róṁat; óir atá do ḃreiṫeaṁnaisí lán‐ḟoillsiġṫe.


Agus do ċualas mar ḃéaḋ glór mór‐ṡluaiġ, agus mar béaḋ torann uiscí iomḋa, agus mar ḃéaḋ torann tóirniġe tréine, g‐á ráḋ Allelúia! óir riaġluiġeann an Tiġearna, ár nDia Uile‐ċuṁaċtaċ anois.


Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan