Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Aċt do ḃí cuid aca aduḃairt, Is tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan, ċaiṫeas sé na deaṁain amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt duḃairt cuid acu: Teilgeann sé amaċ na deaṁain tré Ḃeelsebub, prionnsa na ndeaṁan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Duḃairt cuid acu, áṁṫaċ, Is le cóṁaċt Ḃeelsebub, rí na ndeaṁan, a ċuireann sé na deaṁain amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt dream acasan, Is trí Ḃeelsébub prionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé amaċ na deaṁuin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:15
11 Iomraidhean Croise  

Is leor do’n deisceabal ḃeiṫ mar a ṁúinteoir, agus do’n tsearḃónta ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Belsibub ar ḟear an tiġe, naċ mó ’ná sin go mór do‐ḃéarfaid ar ṁuinntir a ṫeaġlaiġ é!


Annsin tugaḋ ċuige duine ’n‐a raiḃ deaṁan, agus é dall, boḋar: agus do leiġeas sé é, ionnas gur laḃair an balḃán, agus go raiḃ raḋarc aige.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Aċt aduḃairt na Fairisíniġ, Is tré ṗrionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé amaċ na deaṁain.


Agus aduḃairt mórán aca, Atá deaṁan ann, agus is ar buile atá sé; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag éisteaċt leis?


D’ḟreagair an sluaġ agus aduḃradar, Deaṁan atá ionnat: cia atá ag iarraiḋ ṫú do ṁarḃaḋ?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Naċ maiṫ adeirimíd é gur Samáritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat?


Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan