Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 10:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 aċt ní ḟuil gáḃaḋ aċt le h‐aon niḋ aṁáin: óir do ṫoġ Máire an ċuid is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Aċt is aon níḋ aṁáin atá riaċtanaċ. Rinne Máire an roġa is feárr, agus ní ḃainfear uaiṫe é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus gan aċ aon níḋ aṁáin ríaċtanaċ. Do ṫoġ Máire an níḋ is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Aċd ċeana ein ní a ṁaín atá riaċdanaċ: rug Muire an ċuid ṁaiṫ do roġain, naċ béarṫar uáiṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 10:42
36 Iomraidhean Croise  

Óir cad é an tairḃe do ḋuine, dá ngnóṫuiġeaḋ sé an saoġal go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain?


Agus do ḃí deirḃṡiúr aici darḃ ainm Máire, do ṡuiḋ ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n‐a ḃriaṫar.


Agus ṫarla, agus é ag déanaṁ urnaiġe i n‐áit áiriṫe, go nduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ leis, nuair do stad sé, A Ṫiġearna, múin dúinne urnaiġe do ḋéanaṁ, fá mar ṁúin Eoin d’á ḋeisceablaiḃ féin.


Aċt aduḃairt Dia leis, A ḋuine gan ċéill, éileoċar t’anam ort anoċt féin; agus cia aige go mbéiḋ gaċ a ḃfuil curṫa le ċéile agat?


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige é, agus aduḃairt sé leis, Créad é seo do‐ċluinim id’ ṫaoḃ‐sa? taḃair cunntas do ṁaoirseaċta; óir ní ḟéadfair ḃeiṫ id’ ṁaor agam feasta.


Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


D’á ḃriġ sin, taḃraiḋ do ḃúr n‐aire cionnas éistfeas siḃ: óir cibé duine ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó; agus cibé duine naċ ḃfuil niḋ aige, tógfar uaiḋ a measann sé a ḃeiṫ aige.


Agus do ḃí duine áiriṫe breoite, Lasarus ó Ḃétánia, baile Ṁáire agus Ṁarta, a ḋeirḃṡiúr.


agus do ḃí mórán Iúdaċ ṫáinig ċum Marta agus Máire, ag déanaṁ sóláis dóiḃ i dtaoḃ a ndearḃráṫar.


Agus do ṫóg Máire púnt d’uinnimint náird ġlain, an‐luaċṁair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do ṫriomuiġ sí a ċosa le n‐a gruaig; agus do líonaḋ an teaċ de ċuṁraċt na h‐uinniminte.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


Agus dá mbronnainn mo ṁaoin ṡaoġalta ċum na boiċt do ċoṫú, agus dá dtaḃarainn mo ċorp d’á loscaḋ, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuil tairḃe dá laiġead agam d’á ḃárr.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan