Lúcas 10:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 Aċt ċeana, ná bíoḋ áṫas oraiḃ toisc na spioraidí ḃeiṫ fá smaċt agaiḃ; aċt toisc ḃúr n‐ainmneaċa ḃeiṫ scríoḃṫa ar neaṁ. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)20 Aċt ná bíoḋ lúṫġáir oraiḃ san ṁéid seo, go ḃfuil na spioraid faoi ḃur smaċt; aċt bíoḋ lúṫġáir oraiḃ, de ḃríġ go ḃfuil ḃur n-ainmneaċa scríoḃṫa ins na flaiṫis. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Sa n-am gcéadna ná bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg spioraidí ḃeiṫ fé nḃúr smaċt, aċ bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg ḃúr n-ainimneaċa ḃeiṫ sgríoḃṫa ins na flaṫais. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)20 Aċd ċeana na bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ, ar son go ḃfuilid na spioraidiḋe fá ḃur smaċd; aċd go maḋ mó ḃiás gairdeaċas oruiḃ fá go ḃfuilid ḃur nanmanna sgríoḃṫa ar neaṁ. Faic an caibideil |
An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.