Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 10:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 An té a éisteas liḃ-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a ḃeir tarcuisne díḃ-se, ḃeir sé tarcuisne daṁ-sa. Agus an té a ḃeir tarcuisne daṁ-sa, beir sé tarcuisne do’n té a ċuir uaiḋ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 An t-é a ḋ’éisteann liḃ-se, is liom-sa a ḋ’éisteann sé; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋaoiḃ-se, is dóṁ-sa a ṫugann sé tarcuisne; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋóṁ-sa is do’n t-é a ċuir uaiḋ mé a ṫugann sé tarcuisne.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 10:16
17 Iomraidhean Croise  

An té ġlacas siḃ‐se glacann sé mise, agus an té ġlacas mise glacann sé an té do ċuir uaiḋ mé.


Agus cibé duine ġlacfas ċuige aon leanḃ beag aṁáin d’á leiṫéid seo im’ ainm‐se,


Cibé duine ġlacfas ċuige im’ ainm‐se leanḃ d’á leiṫéid seo, is mise ġlacas sé ċuige, agus cibé duine ġlacas mise ċuige, ní mise ġlacas sé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé.


agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd agus aduḃairt, An té ċreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa ċreideas sé, aċt san té do ċuir uaiḋ mé.


An té ḋiúltas dom, agus naċ nglacann lem’ ḃriaṫraiḃ, atá aige an té do‐ḃeir breiṫ air: an briaṫar aduḃart‐sa, do‐ḃéarfaiḋ an briaṫar sin breiṫ air an lá déiḋeannaċ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé ġlacas an té ċuirim uaim, ġlacann sé mise; agus cibé ġlacas mise, glacann sé an té do ċuir uaiḋ me.


An ḟaid do ḃí sé agat nár leat féin é? agus nuair do ḋíolais é, naċ raiḃ sé ar do ċead féin agat? Cad ċuige ḋuit an niḋ seo do ċeapaḋ id’ ċroiḋe? ní do ḋaoiniḃ d’innis tú bréag, aċt do Ḋia.


agus an niḋ im’ ċolainn do ḃí mar ċaṫú oraiḃ, ní ṫug siḃ tarcuisne ná gráin dó; aċt do ġlac siḃ liom mar aingeal Dé, mar Íosa Críost féin.


D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan