Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 1:76 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

76 Agus tusa, a leinḃ, glaoḋfar ort fáiḋ an Té is Aoirde; Óir raċair roiṁ an Tiġearna ag réiḋteaċ na sliġe ḋó:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

76 Agus tusa, a leinḃ, goirfear fáiḋ an té is áirde díot; óir raċaiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Tiġearna le n-a ṡliġṫe d’ullṁuġaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

76 Agus tusa, a leinḃ, taḃarfar ort fáiḋ an Árd-Ḋia, óir gluaiseóċair roimis an dTiġearna amaċ ag ollaṁú na sliġe ḋó,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

76 Agus tusa, a leiniḃ, goirfiṫear diot faíḋ an té as Airde: óir raċuiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Ṫiġearna dullṁuġaḋ a ṡliġeaḋ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 1:76
22 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ba ṁian leis a ċur ċum báis, do ḃí eagla an ṗobail air, óir ba é a dtuairim gurḃ fáiḋ é.


Aċt má deirimíd, Ó ḋaoiniḃ; tá eagla an ṗobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáiḋ Eoin.


Baistim‐se le h‐uisce siḃ ċum aiṫriġe; aċt an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ. Atá a ċáiṫteaċán ’n‐a láiṁ aige,


Óir is eisean an té úd ar ar laḃair Ésáias fáiḋ, nuair aduḃairt se, Guṫ an té atá ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Ullṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna, Déanaiḋ a ċosáin díreaċ.


Aċt má adeirmid, Ó ḋaoiniḃ, do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir do ḃí na daoine uile ar aon aigne gurḃ ḟáiḋ Eoin dá ríriḃ.


Béiḋ sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde ḋe; agus do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó rí‐ċaṫaoir Ḋáiḃi, a aṫair:


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Aduḃairt seisean, Is mise guṫ an té ġlaoḋas sa ḃfásaċ, Déanaiḋ sliġe an Tiġearna díreaċ, mar aduḃairt Ésáias fáiḋ.


an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, naċ fiú mise oiread agus iall a ḃróige do scaoileaḋ.


Is fiaḋnaiḋṫe siḃ féin dom go nduḃras, Ní mise an Críost, aċt, do cuireaḋ roiṁe mé.


Do lean sise Pól agus sinne, ag glaoḋaċ go h‐árd, g‐á ráḋ, Seirḃísiġ do’n Dia is Áirde na fir sin, agus atáid ag fógairt sliġe an tslánuiġṫe ḋaoiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan