Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 1:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus duḃairt an t-aingeal léi, ġá freagairt: Tiocfaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an té is Áirde ṫú. Dá ḃríġ sin fosta, an Neaċ Naoṁṫa a ḃéarfas tú ar an tsaoġal, goirfear Mac Dé de.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé léi; Túirliceóċaiḋ an Spioraid Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cóṁaċt Dé Aoird ṫú, agus d’á ḃríġ sin taḃarfar ar an ngein naoṁṫa a ṫiocfaiḋ uait Mac Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt se ría, Tuirléonguiḋ an Spiorad Náoṁ ort, agus foiléoċaiḋ cuṁaċda an té as Airde ṫú: uime sin an ní náoṁṫa ḃéaras tú goirfiġear Mac Dé ḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 1:35
26 Iomraidhean Croise  

Agus mar so is eaḋ ṫarla geineaṁain Íosa Críost. Iar mbeiṫ d’á ṁáṫair, Muire, luaiḋte le Seosaṁ, sara dtángadar le ċéile, friṫ go raiḃ sí torraċ ó’n Spiorad Naoṁ.


Aċt ag maċtnaṁ ḋó air, do taiḋḃriġeaḋ ḋó i n‐aisling aingeal an Tiġearna, aduḃairt, a Ṡeosaiṁ, a ṁic Ḋaiḃí, ná bíoḋ eagla ort do ċéile, Muire, ṫaḃairt ċun aoin‐tiġis leat; óir, an ġein atá gaḃṫa aice, is ó’n Spiorad Naoṁ í.


Agus na daoine do ḃí sa mbád, d’aḋradar é, g‐á ráḋ, Go fírinneaċ is tusa Mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


Tosaċ soiscéil Íosa Críost, Mic Dé.


Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé.


ag triall ar ṁaiġdin do ḃí luaiḋte le fear darḃ ainm Seosaṁ, duine de ṡlioċt Dáiḃi; agus Muire ab ainm do’n ṁaiġdin.


Agus aduḃairt Muire leis an aingeal, Cionnas ḃéiḋ sin aṁlaiḋ agus gan aiṫne fir agam?


Agus féaċ, Elisabet, do ṡiúr, do ġaḃ sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an séṁaḋ mí aici‐se go dtugaḋ bean aimrid uirṫi.


Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Agus san tsliġe ḋóiḃ, ṫángadar mar a raiḃ uisce; agus aduḃairt an coillteánaċ, Féaċ, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ ḃaisteaḋ?


do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Do ċaiṫeamair‐ne, leis, ár saoġal tráṫ ’n‐a measc do réir ainṁianta na feola, ag cleaċtaḋ tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúṫċais do ḃíomar ’n‐ár gclainn díḃeirge, ar nós daoine eile:


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan