Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 do ṁeasas féin, tar a éis dom gaċ uile niḋ do ḃreaṫnú go cruinn ó ṫosaċ, go mba ḋual daṁ‐sa iad do scríoḃaḋ i n‐eagar duit‐se, a Ṫéofiluis uasail;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Ċonnacṫas dáṁ-sa fosta, a Ṫeoifil oirḋeirc, i ndiaiḋ fios d’ḟaġáil go díḃirceaċ ar gaċ níḋ ó ṫús báire, go scríoḃfainn duit iad as éadan a ċéile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ċeapas féin go ḃféaċfainn isteaċ go cruinn ionta go léir ó ṫusaċ agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaiḋ ċéile ḋuit-se a Ṫéoṗiluis uasail,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Do ċonncas daṁsa mar an gcéudna, a Ṫeoṗilus ro oirḋeirc, ar ḃfaġáil feasa iomlan gaċ uile neiṫe ó na ḃfíorṫosaċ ḋaṁ, a sgríoḃaḋ ċugadsa a nórduġaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 1:3
17 Iomraidhean Croise  

Ó ṫarla go dtug mórán iarraċt fá ċunntas do ċur le ċéile ar na neiṫiḃ go ḃfuil lán‐eolas againn orṫa,


Do‐rinneas an ċéad tráċtas, a Ṫéofiluis, ar gaċ ar ṫionnscain Íosa do ḋéanaṁ agus do ṫeagasc,


Aċt do ṫosnuiġ Peadar ar an scéal do ṁíniú ḋóiḃ tríd síos, g‐á ráḋ,


D’á ḃriġ sin, is é mo ḃreiṫeaṁnas‐sa, gan buaḋirt do ċur orṫa‐san iompuiġeas ċum Dé i measc na gCineaḋaċ;


do ṡocruiġeamar d’aon toil ar ḟearaiḃ do ṫoġaḋ, agus ar iad do ċur ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt le n‐ár gcáirdiḃ ionṁaine, Barnabas agus Pól,


Óir is toil leis an Spiorad Naoṁ, agus linne, gan ualaċ níos truime ’ná an méid seo do ċur oraiḃ;


Agus tar a eis do tamall do ċaiṫeaṁ annsin, d’imṫiġ sé, agus do ġluais sé ar fud réigiúin Ġalátia agus Frigia i ndiaiḋ a ċéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.


Claudius Lusias ċum an árd‐riaġlóra ró‐uasail, Féilics, beaṫa agus sláinte.


glacaimíd i gcóṁnaiḋe é agus ins gaċ áit le lán‐ḃuiḋeaċas.


D’ḟreagair Pól, Ní h‐as mo ṁeaḃair atáim, a Ḟéstuis oirḋeirc; aċt is ag laḃairt briaṫar na fírinne agus na céille atáim.


Aċt i dtaoḃ an ḃráṫar Apollos, d’impiḋeas go dian air teaċt ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ: agus ní raiḃ fonn dá laiġead air teaċt anois; aċt tiocfaiḋ sé nuair ḃéas faill aige ċuige.


Aċt do réir mo ṫuairime‐se, do b’aoiḃniġe ḋi dá ḃfanaḋ sí mar tá sí; agus measaim‐se, leis, go ḃfuil Spiorad Dé agam cóṁ maiṫ le duine.


Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan