Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iudais 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Sodam agus Gomorra, agus na caṫraċa ’n‐a dtimċeall, mar an gcéadna, do lean de striapaċas agus de ċuirpṫeaċt ṁí‐nádúrṫa, tugaḋ iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineaḋ síorraiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caiṫreaċa na dtimċioll, noċ do lean do ḋrúis air an moḋ céudna sin, agus do lean dainṁíanuiḃ coiṁṫiġeaċa na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineaḋ síorruiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iudais 1:7
27 Iomraidhean Croise  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.


Aċt adeirim liḃ, gur saoráidiġe do ḋúṫaiġ Ṡodoim, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná ḋuit‐se.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


aċt an lá ’n‐ar imṫiġ Loṫ amaċ as Sodom, do ṫuit cioṫ teineaḋ agus ruiḃe ó neaṁ anuas, gur scrios sé iad go léir.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


Agus leanfaiḋ mórán a sliġṫe déisteannaċa; agus maslóċar sliġe na fírinne mar ġeall orṫa.


agus ag déanaṁ luaiṫreáin de ċaṫraċaiḃ Ṡodoim agus Ġomorra, gur ḋaor sé ċum léirscriosta iad, ag déanaṁ sompla ḋíoḃ ḋóiḃ‐sean do ċaiṫfeaḋ saoġal neiṁ‐ḋiaḋa ’n‐a ḋiaiḋ sin;


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan