Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iudais 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Na haingil mar an gcéudna nár ċoiṁéid an ċeúd sdaid ann a raḃadar, aċd do ḟág a nionad coṁnuiġe féin, do ċoiṁéid sé íad a ngeiṁliḃ síorrúiḋe fá ḋorċadas ċum breiṫeaṁnuis an láe ṁóir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iudais 1:6
12 Iomraidhean Croise  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Aċt do réir do ḋúine agus do ċroiḋe aindiuidiġ atáir ag cur feirge i dtaisce ḋuit féin fá ċóṁair lae na diḃeirge, nuair foillseoċar ceart‐ḃreiṫeaṁnas Dé:


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


aċt ag feiṫeaṁ fá ċriṫ‐eagla leis an mbreiṫeaṁnas, agus le teiniḋ ḟíoċṁair ṡloigfeas náiṁde Dé.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacaḋ, aċt gur ṫeilg sé síos go Tartarus iad, agus gur ċuir sé go h‐uaċaisiḃ dorċaċta iad, ċum iad do ċongḃáil fá ċóṁair an ḃreiṫeaṁnais;


is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais;


garḃ‐ṫonna fairrge, ag brúċtaḋ a náire féin amaċ; réaltana seaċránaċa go ḃfuil dorċaċt an duiḃeaċain fá n‐a gcóṁair go deoiḋ.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan