Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Heṗesiánaċ 4:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá ḋorċadas aca, iad dealuiġṫe ó’n mbeaṫaiḋ do‐ḃeir Dia, de ċionn an ainḃfeasa atá ionnta, de ċionn cruaḋais a gcroiḋe;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agá ḃfuil a dtuigse ar na dallaḋ, ar mbeiṫ ḋóiḃ na gcoiṁiġṫeaċuiḃ do ḃeaṫa Dé do ḃríġ a nainḃfis atá ionnta, tré ċrúas a gcroiḋe:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Heṗesiánaċ 4:18
34 Iomraidhean Croise  

Óir atá croiḋe an ṗobail seo dúr, Agus cluineann siad agus boḋaire ’n‐a gcluasaiḃ, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ.


Do ḋall sé a súile, agus ċruaḋuiġ sé a gcroiḋe; Ionnas naċ ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, ná naċ dtuigfidís le n‐a gcroiḋe, Agus naċ gcasfaidís, Agus naċ leiġeasfainn iad.


Do leig Dia aimsear an ainḃfiosa ṫairis, aċt anois atá sé g‐á ḟógairt do na daoiniḃ ins gaċ aon áit aiṫriġe do ḋéanaṁ:


Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Créad eile? An niḋ go ḃfuil Israel ar a lorg, ní ḃfuair sé é; aċt fuair siad‐san do toġaḋ é, agus do cruaiḋeaḋ an ċuid eile aca:


agus má tá tú dearḃṫa go ḃfuilir féin id’ ṫreoraiḋe do luċt daille, id’ ṡolas do’n dream atá i ndorċadas,


Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta.


eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire:


aċt do ḃí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léiġte an tseantiomna, fanann an folaċ céadna gan tógáil: folaċ atá curṫa ar neaṁ‐niḋ i gCríost.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


Aċt ó ṫárla gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ ar Ḋia an tráṫ úd, do ḃí siḃ i ndaor‐ḃroid ag déiṫiḃ naċ déiṫe iad do réir nádúra:


Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta,


cuiṁniġiḋ go raḃaḃar dealuiġṫe ó Ċríost an tráṫ sin, gearrṫa ó ṁuinntir Israel, ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ do ċoinġeallaċaiḃ na geallaṁna, gan dóċas, gan Dia san tsaoġal.


Agus siḃ‐se do ḃí lá de’n traoġal ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ agus ’n‐ḃur náiṁdiḃ ’n‐ḃur n‐aigne de ḋeascaiḃ ḃur ndroċ‐ġníoṁarṫa, atá


gan géilleaḋ d’ainṁian na drúise, mar ġníos na Cineaḋaiġ atá gan eolas ar Ḋia;


agus is fear é, gur féidir leis gan ḃeiṫ ro‐ḋian ar na daoiniḃ ṫéiġeas amuḋa tré aineolas, de ċionn naċ ḃfuil sé féin gan a ċion féin de’n laige.


aċt san dara tabernacal ní ṫéiġeann isteaċ aċt an t‐árd‐ṡagart ’n‐a aonar, uair san ḃliaḋain, ní gan fuil ofrálas sé ar a ṡon féin agus ar son peacaiḋe an ṗobail.


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


mar ḋéanfaḋ clann uṁal, gan géilleaḋ do na sean‐ainṁiantaiḃ do ċleaċtaḃar ’n‐ḃur n‐ainḃfios;


Aċt an té do‐ḃeir fuaṫ d’á ḃráṫair, atá sé san dorċadas, agus atá sé ag siuḃal san dorċadas, gan a ḟios aige cá ḃfuil a ṫriall, toisc a ṡúile ḃeiṫ dallta ag an dorċadas.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan