Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Heṗesiánaċ 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 cionnas mar foillsiġeaḋ an rúindiaṁair tré ṫaisbeánaḋ ḋom, mar scríoḃas ċeana go h‐aiṫġearr,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oir gur ḟoillsiġ sé ḋaṁ do réir ṫaisbéunta an rúindíaṁair; mar do sgríoḃ mé roiṁe go haiṫġearr;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Heṗesiánaċ 3:3
23 Iomraidhean Croise  

Agus ṫárla, nuair d’ḟilleas go h‐Iarúsalem, agus go raḃas ag guiḋe san teampall, go dtáinig táiṁnéall orm,


Agus aduḃairt sé liom, Imṫiġ leat: óir cuirfead amaċ ṫú as so ċum na gCineaḋaċ i gcéin.


agus do ṗreab cuid de scríoḃaiḋṫiḃ na ḃFairisíneaċ ’n‐a seasaṁ, agus do laḃradar go colgaċ, g‐á ráḋ, Ní ḟaiġmíd‐ne olc ar biṫ san duine seo: agus má laḃair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar ġeall air?


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


Caiṫfiḋ mé maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, giḋ naċ ḃfuil sé tairḃeaċ; aċt tiocfad go dtí aislingí agus taiḋḃriḋṫe ó’n Tiġearna.


Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost.


ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air:


ó n‐a ḃféadann siḃ, g‐á léiġeaṁ ḋaoiḃ, m’eolas ar ruindiaṁair Ċríost do ṫuigsin;


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ;


agus ar mo ṡon‐sa, ċum go dtiuḃarfar cumas cainnte ḋom, ag foscailt mo ḃéil go dána ḋom, ċum rúindiaṁair an tsoiscéil d’ḟoillsiú,


ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ.


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


Áirṁiḋ mar ṡlánú foiḋne ár dTiġearna: fá mar scríoḃ ár mbráṫair ionṁain Pól ċugaiḃ, leis, do réir na h‐eagna tugaḋ ḋó;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan