Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Heṗesiánaċ 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 do réaṁ‐órduiġ sé sinn ċum ḃeiṫ ’n‐ár macaiḃ uċta ḋó féin tré Íosa Críost, do réir deaġ‐roġa a ṫola,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do réiṁċinn sé ḋúinne ḃeiṫ aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a ṡon féin, do réir ḋeaġḟuinn a ṫola féin,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Heṗesiánaċ 1:5
32 Iomraidhean Croise  

aċt níor aiṫin sé í nó go rug sí mac, agus ṫug sé ÍOSA mar ainm air.


is eaḋ, a Aṫair, mar ba é sin do ḋeaġ‐ṫoilse.


Le linn na h‐uaire céadna sin do líonaḋ é de ġáirdeaċas mór tríd an Spiorad Naoṁ, agus aduḃairt sé, Do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe sin ar Luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do leanḃaiḃ iad: do‐rinnis é, a Aṫair; óir ba é do ṫoil féin é.


Éireoċaiḋ muinntear Niniḃe sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ an ċiniḋ seo, agus ḃéarfaiḋ siad daoir‐ḃreiṫ air: óir do‐rinneadar‐san aiṫriġe ar ḟógairt Iónáis, agus féaċ, atá duine is mó ’ná Iónás annso.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm:


Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Agus nuair do‐ċuala na Geinte sin, ḃí an‐áṫas orṫa, agus ṫugadar glóir do ḃriaṫar Dé: agus do ċreid siad‐san do ḃí réaṁórduiġṫe ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt sinne, mar an gcéadna, go ḃfuil an Spiorad mar ċéad‐toraḋ againn, bímíd ag osnaiġil ionnainn féin, ag fuireaċ ar an uċtcaċt, is é sin fuasclaḋ ár gcorp.


Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé,


Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta.


Agus béiḋead mar Aṫair agaiḃ, Agus béiḋ siḃ‐se mar ċlann‐ṁac agus mar ċlann‐inġean agam, adeir an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ.


Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Do rinneaḋ oiḋrí ḋínne ann, ar mbeiṫ ḋúinn réaṁórduiġṫe do réir rúin an té do‐ġní gaċ niḋ do réir cóṁairle a ṫola féin:


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


óir is é Dia do‐ḃeir daoiḃ an toil agus an éifeaċt mar is mian leis féin.


Óir ba é toil an Aṫar go ndéanfaḋ an iomláine ar fad cóṁnaiḋe ann;


Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt,


Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan