Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Heṗesiánaċ 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Daṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd, noċ do ḃeannuiḋ sinn lé gaċ uile ḃeannaċdaḋ sbioralta sna neíṫiḃ neaṁḋa a Gcríosd:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Heṗesiánaċ 1:3
39 Iomraidhean Croise  

do ṫóg seisean ċuige ’n‐a uċt é, agus do ṁol sé Dia, agus aduḃairt,


Béiḋ a ḟios agaiḃ an lá sin go ḃfuilimse im’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon ċorp aṁáin i gCríost sinn, agus is baill d’á ċéile sinn uile.


ar ṁoḋ go mbéiḋ siḃ, ar aon ċroiḋe, ar aon ḃéal ag molaḋ Dé, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.


Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na dtrócaire agus Dia gaċ cóṁḟortaċta,


Atá a ḟios ag Dia, ag Aṫair an Tiġearna Íosa Críost atá beannuiġṫe go síorraiḋe, naċ bréag atáim d’innsint.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Uime sin na daoine ċreideas atá siad beannuiġṫe i n‐éinḟeaċt le h‐Abraċam creidṁeaċ.


ċum an uile niḋ do ċóṁċruinniú i gCríost, nuair ṫiocfaḋ na h‐aimseara ċum críċe, idir a ḃfuil ar neaṁ, agus a ḃfuil ar talaṁ.


ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air:


nuair do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, agus do ċuir sé ’n‐a ṡuiḋe é ar a láiṁ ḋeis féin ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


agus do ċuir sé ’n‐ár suiḋe sinn i n‐éinḟeaċt leis ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i nÍosa Críost:


ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


ar neaṁ, ar talaṁ, nó fá ṫalaṁ, agus go n‐adṁóċaḋ teanga gaċ duine gur Tiġearna Íosa Críost, ċum glóire Dé an tAṫair.


fir do‐ġní frioṫáileaṁ ar ṡompla agus ar scáil na neiṫe neaṁḋa, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do ḋéanaṁ: Óir féaċ ċuige ars’ sé, go ndéanaiḋ tú gaċ uile niḋ do réir an tsompla do taisbeánaḋ ar an gcnoc duit.


Níorḃ ḟoláir, d’á ḃriġ sin, somplaí na neiṫe atá ar neaṁ do ġlanaḋ ar an gcuma sin; aċt na neiṫe neaṁḋa do ġlanaḋ le h‐íoḋbarṫaiḃ atá níos fearr ’ná iad sin.


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan