Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 9:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus d’iarr sé air liṫreaċa do ṫaḃairt dó ċum na sionagóg i nDamascus, ċum, dá ḃfaiġeaḋ sé aon duine, fear nó bean de’n tSliġe seo, go dtiuḃraḋ sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus d’iarr sé litreaċa fá ċoinne na sineagóg san Damaisc air: ċun fir agus mná ar biṫ de’n tsliġe seo dá ḃfuiġeaḋ sé, a ṫaḃairt fá ċeangal go h-Ierusalem.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus d’iarr sé air leitreaċa ṫaḃairt dó go Damascus, ċun na sinagóg, i dtreó dá ḃfaġaḋ sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslíġ sin, go dtaḃarfaḋ sé leis iad gaḃṫa go Ierúsalem.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus díarr sé leitreaċa air go Damascus ċum na sínagóg, ionnus dá ḃfaġaḋ sé éinneaċ, dfior nó ṁnáoi don tsliġese, go dtíuḃraḋ sé ris íad go Hiarusalém ceangailte.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 9:2
23 Iomraidhean Croise  

Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Do ḃí an fear so oilte i sliġe an Tiġearna; agus ó ḃí díoġrais croiḋe aige, do laḃair agus do ṁúin sé go cruinn i dtaoḃ Íosa, gan ar eolas aige aċt baisteaḋ Eoin:


Agus le n‐a linn sin d’éiriġ aċrann nár ḃeag i dtaoḃ na Sliġe.


Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Aċt Féilics, ag a raiḃ eolas ní ba ċruinne i dtaoḃ na Sliġe, do ċuir sé ar aṫlá iad, g‐á ráḋ, Nuair ṫiocfas Lusias, an t‐árd‐ċaiptín, anuas, do‐ġéanad breaṫnú ar ḃúr gcúis.


Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ.


Ag dul fá ḋéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐uġdarás agus le barántas na n‐árd‐ṡagart,


Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.


Do‐rinne seisean feall ar ár gcineaḋ, agus do‐rinne sé leaṫtrom ar ár n‐áiṫreaċaiḃ, g‐á ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa a naoiḋeana do ċaiṫeaṁ amaċ ionnas naċ mairfidís.


agus atá uġdarás aige annso ó uaċtaránaiḃ na sagart ċum na daoine ġlaoḋas ar t’ainm do ġaḃáil.


Agus do ḃí iongnaḋ mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Naċ é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem orṫa‐san do ġlaoḋ ar an ainm sin? agus ṫáinig sé annso d’aon ġnó ċum iad do ṫaḃairt ceangailte i láṫair uaċtarán na sagart.


I nDamaisc dom, an goiḃearnóir atá fá ċeannas Arétais rí, do ċonḃuiġ sé gárda ar ċaṫair na nDámaisceaċ, d’ḟonn mise do ġaḃáil:


agus níor ṁó naċ ndeaċas suas go h‐Iarúsalem ċum na ndaoine do ḃí ’n‐a n‐abstalaiḃ róṁam: aċt d’imṫiġeas ċum na h‐Aráibe; agus ṫáinig mé ar ais go Damaisc.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan