Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 8:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Aċt do ḃí fear aṁáin, darḃ ainm Síomón, do ḃí ag cleaċtaḋ draoiḋeaċta, agus ag meallaḋ muinntire Samária ar feaḋ tamaill roiṁe sin, g‐á ráḋ gur ḋuine mór éigin é féin:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Ar an aḋḃar sin, ṫárla áṫas mór ar fud na caṫraċ sin. Agus ḃí fear áiriṫe darḃ ainm Síomon, a ḃí ina ḋraoi san ċaṫair sin roiṁe seo, agus ṁeall sé muinntir na Samáire, ag ráḋ gur ḋuine éigin mór é féin:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 D’á ḃríġ sin ḃí áṫas mór sa ċaṫair sin. Aċ ḃí fear áiriṫe d’ar ḃ’ ainim Símón agus ḃí sé ’n-a ḋraoi sa ċaṫair roiṁe sin agus é ag meallaḋ muinntire Ṡamaría, ’ġá ráḋ gur ḋuine mór éigin é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ḃi roiṁe sin sa gcaṫraiġ, duinne áiriġe dar ḃainm Síomon, do ḃí na ḋraói, agus do ṁeall sé pobal na Samária, ag ráḋ, Gur ḋuine mór éigin é féin:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 8:9
20 Iomraidhean Croise  

An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


Agus nuair do ḃí an t‐oileán uile siuḃalta aca ċóṁ fada le Pafos, fuaradar draoi áiriṫe, fáiḋ bréige, Iúdaċ, darḃ ainm Bar‐Iésus;


Aċt Elimas draoi (óir is mar sin míniġṫear a ainm), do ċuir sé ’n‐a gcoinniḃ, ag iarraiḋ an ṗróconsúil d’iompóḋ ó’n gcreideaṁ.


Óir tamall roiṁe seo d’éiriġ Teúdás, g‐á ċur i gcéill gur duine mór é féin; agus do ċlaoiḋ scata daoine, timċeall ceiṫre céad díoḃ leis: do marḃaḋ é; agus do scaipeaḋ iad‐san do lean é, agus ní ṫáinig éinniḋ d’á ḃárr.


Agus ba é fáṫ fá ṫugadar aire ḋó, gur ċuir sé iongnaḋ mór orṫa le tamall fada le n‐a ċuid draoiḋeaċta.


agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin.


Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa,


cuma na cráiḃṫeaċta orṫa, aċt go ḃfuil diúlta aca d’á briġ; fan amaċ ó n‐a leiṫéidiḃ sin.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan