Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 8:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Aċt do ḃí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteaċ ins gaċ aon tiġ, ag tarraing fear agus ban amaċ agus g‐á gcur i bpríosún.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Aċt ḃí Saul ag scrios na h-Eaglaise, ag dul isteaċ ó ṫiġ go tiġ, agus ṫarraingeaḋ sé amaċ fir agus mná, agus ċuireaḋ sé i bpríosún iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Aċ ḃí léirsgrios ag Saul ’á ḋéanaṁ ar an eaglais, é ag dul isteaċ ins na tiġṫiḃ agus fir agus mná aige ’á ṫarrac amaċ agus é ’ġá gcur i mbraiġdineas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aċd do ḃí Saul, ag sgrios na heagluise, ag dul a steaċ ann gaċ éintiġ, agus ag tarraing amaċ fear agus ban, do ċuireaḋ sé a bpriosún íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 8:3
13 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair do ċonnaic a máistrí naċ raiḃ súil le saiḋḃreas a ṫuilleaḋ aca, rugadar ar Ṗól agus as Ṡilas, agus ṫarraingeadar iad go h‐áit an ṁargaiḋ, i láṫair na riaġlóir,


Agus aduḃras, A Ṫiġearna, is maiṫ is eol dóiḃ féin go mbínn‐se ag cur gaċ duine do ċreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseaḋ ins gaċ sionagóig:


agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.


Agus d’aḋlaic daoine cráiḃṫeaċa Stiofán, agus do ċaoineadar é go h‐árd‐ġlóraċ.


Agus do ḃí iongnaḋ mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Naċ é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem orṫa‐san do ġlaoḋ ar an ainm sin? agus ṫáinig sé annso d’aon ġnó ċum iad do ṫaḃairt ceangailte i láṫair uaċtarán na sagart.


Óir is mise an té is luġa de na h‐abstalaiḃ, naċ fiú mé ainm abstail do ṫaḃairt orm, de ḃriġ go ndearnas géirleanṁain ar eaglais Dé.


Óir do ċualaḃar i dtaoḃ mo ṡaoġail roiṁe seo i gcreideaṁ na nIúdaċ, cionnas mar rinneas géirleanṁain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios:


i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt.


giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,


Aċt is aṁlaiḋ ṫugaḃar easonóir do’n duine boċt. Naċ iad na daoine saiḋḃre do‐gní leaṫtrom oraiḃ, agus naċ iad féin ṫarraingeas isteaċ i dtiġ na cúirte siḃ?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan