Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 4:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do ḃíodar curṫa i lár baill aca, d’ḟiafruiġeadar, Créad é an t‐uġdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnaḃar an niḋ seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ġá gcur i lár báire dóiḃ, d’ḟiafruiġ siad: Cad é an t-uġdarás, agus cad é an t-ainm tré n-a ndearna siḃ-se seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus ċuireadar iad-san i láṫair agus ċeistiġdar iad: Cad í an ċómaċt nú an ainim le n-ar ḋeineaḃairse an níḋ seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do ċuireadar a lár íad, dfíafruiġeadar, Créud é an túġdarrás, nó an tainm, as a ndearna siḃse a ní so?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 4:7
12 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit?


Créad é an t‐uġdarás atá agat ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás duit ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ?


Agus d’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Caidé an cóṁarṫa ṫaisbeánas tú ḋúinn fá n‐a ndéanann tú na neiṫe seo?


Agus ṫug na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ leo bean go rugaḋ uirṫi i n‐aḋaltranas; agus ar n‐a cur ’n‐a seasaṁ i láṫair,


Agus nuair do‐ċualadar sin, d’imṫiġeadar ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, na daoine ba ṡine ar dtús, go dtí an duine deiriḋ, agus do fágaḋ Íosa ’n‐a aonar, agus an ḃean ’n‐a seasaṁ ’n‐a láṫair.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


agus Annas árd‐ṡagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gaċ ar ḃain le teaġlaċ an árd‐ṡagairt.


Annsin aduḃairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naoṁ, A riaġlóirí an ṗobail agus a ṡeanóirí,


Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan