Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 4:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus ní raiḃ aċt aon ċroiḋe agus aon aigne aṁáin aca‐san do ċreid: agus ní raiḃ duine aca aduḃairt gur leis féin aon niḋ d’á raiḃ ’n‐a ṡeilḃ; aċt do ḃí gaċ niḋ go coitċeann aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus ḃí an sluaġ a ċreid ar aon ċroiḋe agus ar aon anam: agus ní abraḋ aoinneaċ acu gur leis féin rud ar bit dá mbíoḋ ina ṡeilḃ, aċt ḃíoḋ na h-uile neiṫe i gcóṁar acu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus ḃí ag an sluaġ a ċreid, aon ċroiḋe aṁáin agus aon aigne aṁáin, agus ní deireaḋ aoinne go mba leis féin aon níḋ a ḃíoḋ ’n-a ṡeilḃ aċ ḃí gaċ níḋ cóṁċoitċian acu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus do ḃí áon ċróiḋe agus áon anam aṁáin ag an druing do ċreid: agus ní dúḃairt éainneaċ aca go maḋ leis féin áon ní ḋá raiḃ na ṡeilḃ; aċd do ḃádar na huile neiṫe coṁċoitċeann aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 4:32
21 Iomraidhean Croise  

Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.


Do ḃíodar uile ag leanaṁain de ṫoil a ċéile i n‐urnaiġe, mar aon leis na mnáiḃ, agus le Muire máṫair Íosa, agus le n‐a ḃráiṫreaċaiḃ.


Agus nuair ṫáinig lá Cingcíse, do ḃíodar uile i n‐éinḟeaċt ar aon láṫair.


Agus do ḃí a lán míorḃal agus iongantas d’á ndéanaṁ tré láṁaiḃ na n‐abstal i measc an ṗobail; agus do ḃídis uile d’aon toil i bpóirse Ṡolaiṁ.


mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon ċorp aṁáin i gCríost sinn, agus is baill d’á ċéile sinn uile.


Anois, a ḃráiṫre, aṫċuiniġim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ḃeiṫ ar aon ḟocal eadraiḃ uile, gan deaġailt ḃeiṫ eadraiḃ; aċt siḃ ḃeiṫ i gcóṁaontaċas le ċéile, ar aon intinn agus ar aon ċéill.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan