Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 4:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Tré ṡíneaḋ do láiṁe amaċ le leiġiṡ, agus míorḃailte, agus iongantaisí a ḋéanaṁ tré ainm do Ṁic naoṁṫa Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Le d’láiṁ a ṡíne amaċ ag déanaṁ leiġeas agus mírḃúiltí agus iongnaí tré ainim do Ṁic naoṁṫa Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Ag sineaḋ do láiṁe amaċ ċum leiġis; agus coṁarṫaḋ agus miorḃuileaḋ do ḋéanaṁ tré ainm do ṁic náomṫa fein Iósa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 4:30
19 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Agus ṫáinig eagla ar gaċ duine: agus ba iomḋa iongantas agus míorḃail do‐rinneaḋ tríd na h‐abstalaiḃ.


Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor.


Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir.


Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


Agus do ḃí a lán míorḃal agus iongantas d’á ndéanaṁ tré láṁaiḃ na n‐abstal i measc an ṗobail; agus do ḃídis uile d’aon toil i bpóirse Ṡolaiṁ.


Agus do‐rinne Stiofán, agus é lán de ġrás agus de ċuṁaċt, míorḃailtí agus cóṁarṫaí i measc na ndaoine.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan