Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 3:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Aċt duḃairt Peadar: Ní ḟuil airgead ná ór agam: aċt an níḋ atá agam, ḃeirim duit é: I n-ainm Íosa Críost as Nasair, éiriġ, agus siuḃal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Duḃairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, aċ an níd atá agam ḃeirim duit é. I n-ainim Íosa Críost Nasareit eiriġ agus siuḃluiġ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd a duḃairt Peadar, Ní ḃfuil airgead na ór agamsa; aċd an ní atá agam do ḃeirim ḋuitse é: A nainm Iósa Críosd Nasárrḋa éiriġ agus siuḃail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 3:6
22 Iomraidhean Croise  

Ná soláṫruiġiḋ ór, ná airgead, ná prás i n‐ḃúr gcreasaiḃ;


Is iomḋa duine adéarfas liom an lá sin, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, naċ id’ ainm‐se dorinneamar fáiḋeadóireaċt, agus naċ id’ ainm‐se do ċaiṫeamar amaċ na deaṁain, agus naċ id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorḃail?


Do rinne sí an niḋ do b’ḟéidir léi: d’ong sí mo ċorp roiṁ ré fá ċóṁair a aḋlaċta.


Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua;


Agus do scríoḃ Píoláid tiodal, agus do ċuir sé ar an gcrois é. Agus is é do ḃí scríoḃṫa, ÍOSA NASARḊA, RÍ NA N‐IÚDAĊ.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Uime sin, bíoḋ a ḟios go dearḃṫa ag pobal Israel go ḃfuil Tiġearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do ċroċaḃair‐se.


Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir.


Agus d’ḟéaċ seisean orṫa go grinn, agus é ag súil go ḃfaiġeaḋ sé rud éigin uaṫa.


Agus rug sé ar a láiṁ ḋeis air, agus ṫóg sé suas é, agus ar an láṫair do ċruaḋuiġ troiġṫe a ċos agus a rúitíní.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


Agus nuair do ḃíodar curṫa i lár baill aca, d’ḟiafruiġeadar, Créad é an t‐uġdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnaḃar an niḋ seo?


Agus aduḃairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ ṡlánú: éiriġ, agus cóiriġ do leaba. Agus d’éiriġ sé ar an láṫair.


Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnoċt, agus tugtar droċ‐íde orainn, agus ní ḟuil aon ċóṁnaiḋe ḃuan againn;


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


Óir má tá an deaġ‐ṫoil ann, glactar léi do réir a ḃfuil ag duine, ní h‐é do réir a ḃfuil i n‐easnaṁ air.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


Do réir mar fuair gaċ duine bronntanas, roinniḋ ar a ċéile é, mar ḋéanfaḋ deaġ‐ṁaoir grása iomadaṁla Dé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan