Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus ḃí duine áiriṫe, máirtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, d’á iomċar, duine do ċuiridís gaċ lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, ċum ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce orṫa‐san do ḃíoḋ ag dul isteaċ san teampall.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ḃí fear áiriṫe, a ḃí ina ṁáirtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, dá iomcar: agus ċuireaḋ siad gaċ lá é ag an ġeafta sin an teampaill, dá ngoirtear Áluinn, ċun go n-iarraḋ sé déirc uaṫa sin a ṫéiġeaḋ isteaċ san teampall.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus ḃí duine áiriṫe a ḃí ’n-a ṁairtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, agus ḃíṫeas ’ġá iompar. Do curtí gaċ lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfaḋ sé déirc ar an muinntir a ḃeaḋ ag dul isteaċ sa teampul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do hiomċraḋ duine áiriġe do ḃí na ṁairtíneaċ ó ḃruinn a ṁaṫar, noċ do ċuirdís gaċ láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breaġa, díarruiḋ déirce ar a ndruing do ṫéiġeaḋ a sdeaċ don teampoll;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 3:2
9 Iomraidhean Croise  

agus do ḃí boċtán darḃ ainm Lasár sínte ’n‐a luiġe le h‐ais a ḋorais, é lán de ċneaḋaċaiḃ,


Agus ṫarla, ag druidim le Ieriċó ḋó, go raiḃ dall ’n‐a ṡuiḋe ar leaṫ‐taoiḃ an ḃealaiġ ag iarraiḋ déirce:


Agus a ċóṁarsana agus na daoine do ċonnaic roiṁe sin é, agus é ’n‐a ḋéirceoir, aduḃradar, Naċ é seo an té do ḃíoḋ ’n‐a ṡuiḋe ag iarraiḋ déirce?


agus aduḃairt sé, A Ċornéliuis, do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus do cuiṁniġeaḋ ar do ċuid déirce i láṫair Dé.


Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.


Agus do ḃí fear ’n‐a ṡuiḋe i Listra naċ raiḃ lúṫ na gcos aige, cláiríneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, nár ṡiuḃail ariaṁ.


agus d’aiṫniġeadar é, gurḃ é an duine céadna é do ḃíoḋ ’n‐a ṡuiḋe ag an nGeata Áluinn ag iarraiḋ déirce: agus ḃí árd‐iongnaḋ agus alltaċt orṫa i dtaoḃ ar éiriġ ḋó.


Óir an duine go ndearnaḋ an ṁíorḃail sláinte úd dó, do ḃí sé tuilleaḋ agus dá ḟiċid bliaḋan d’aois.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan