Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 27:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫángamar go Sidón: agus ḃí Iúlius cineálta le Pól, agus ṫug sé cead dó dul fá ṫuairisc a ċarad agus sócaṁal d’ḟáġáil uaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus lá ar n-a ḃáraċ ṫáiniceamar go Sidon. Agus rinne Iúl cinéaltas ar Pól, ag taḃairt ċeada dó dul ċuig a ċáirde, agus aṁarc ina ḋiaiḋ féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ṫánamair an lá ’n-a ḋiaiḋ san go Sídón. Agus ḃí Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé ḋó dul ċun a ċáirde agus aire ṫaḃairt dó féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus an lá na ḋiáiġ sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeiṫ go muinntearrḋa ré Pól do Iúlius, dfulaing sé ḋó ḋul dfios a ċarad ċum coṁfurtaċda dfaġail úaṫaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 27:3
12 Iomraidhean Croise  

Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ.


Agus do ḃí mí‐ġreann mór air ċum muinntire Tuire agus Sidóine: agus ṫáinig siad de ṫoil a ċéile ċuige, agus ag déanaṁ caradais dóiḃ le Blastus seomradóir an ríoġ, d’éiliġeadar síoṫċáin air, toisc a ndúṫaiġ ḃeiṫ d’á coṫú ó ḋúṫaiġ an ríoġ.


Agus d’órduiġ sé do’n ċeanntúir a ċoiṁéad, agus roinnt saoirse do ṫaḃairt dó: gan aon duine d’á ċáirdiḃ do ċosc ar ṡócaṁal do ḋéanaṁ ḋó.


Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.


Aċt do ḃí a ḟonn ar an gceanntúir Pól do ṡáḃáil, agus ní leigfeaḋ sé ḋóiḃ é, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ‐sean go raiḃ snáṁ aca a gcaiṫeaṁ amaċ ar dtús agus an tír do ḃaint amaċ:


Agus ar ṡroiċint na Róiṁe ḋúinn, tugaḋ cead do Ṗól fanaṁain leis féin i n‐éinḟeaċt leis an saiġdiúir do ḃí mar ġárda air.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan