Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 26:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 go h‐áiriṫe go ḃfuil lán‐eolas agat ar gaċ gnáṫ‐nós agus ar gaċ ceist ḃaineas leis na h‐Iúdaċaiḃ: uime sin impiḋim ort éisteaċt go foiġdeaċ liom.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Go h-áiriṫe ó tá a ḟios agat-sa gaċ gnás agus gaċ ceist dá mbíonn imeasc na n-Iúdaċ: ar an aḋḃar sin guiḋim ṫú éisteaċt liom go foiġdeaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Go mór mór, toisg eolus a ḃeiṫ agat ar na nósaiḃ agus ar na ceisteanaiḃ atá ameasg na n-Iúdaċ. Uime sin iarraim ort éisteaċt go foiḋneaċ liom.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Go mórṁór do ḃríġ gur feasaċ ḋaṁ, ṫusa do ḃeiṫ eólġaċ a nuile ġnáṫaiġiḃ agus ċeasduiḃ na Niúdaiġeaḋ: ar a naḋḃarsin guiḋim ṫú fá éisdeaċd ríum go foiġideaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 26:3
13 Iomraidhean Croise  

agus do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ‐sa, go ḃfuilir g‐á ṁúineaḋ do na h‐Iúdaċaiḃ go léir atá i measc na gCineaḋaċ Maois do ṫréigean, g‐á ráḋ leo gan a gclann do ṫimċeall‐ġearraḋ, ná leanaṁain de na sean‐ċleaċtaiḃ.


Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaġlóir ar Ṗól laḃairt, d’ḟreagair sé, Ó’s eol dom go ḃfuilir‐se id’ ḃreiṫeaṁ ar an náisiún so le bliaḋantaiḃ fada, tá meisneaċ orm agus mé ag laḃairt ar mo ṡon féin.


Aċt, gan mórán moille do ċur ort, iarraim ort, ded’ ċeannsaċt, éisteaċt le roinnt focal uainn.


Ní ḟuil aon niḋ cruinn agam, áṁ, le scríoḃaḋ ċum mo ṫiġearna ’n‐a ṫaoḃ. Ar an aḋḃar sin ṫugas annso ċugaiḃ‐se é, agus ċugat‐sa, go h‐áiriṫe, a rí Agrippa, le súil go mbéiḋ rud éigin agam le scríoḃaḋ nuair ċeisteoċas tú é.


Measaim gur maiṫ an ḃail orm, a rí Agrippa, go ḃfuil orm mo ċosaint féin id’ láṫair indiu ar na neiṫiḃ go léir atá curṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ im’ leiṫ:


Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é.


go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú!


Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,


Oir do‐ċualamar é g‐á ráḋ, go scriosfaiḋ an t‐Íosa Nasarḋa so an áit seo, agus go n‐aṫróċaiḋ sé na cleaċta ṫug Maois dúinn.


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan