Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 22:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus deir sé: Is Iúdaċ mise, a rugaḋ i dTarsus i gCilicia, aċt ba san ċaṫair seo ag cosa Ġamaliéil a h-oileaḋ mé, agus múineaḋ go fíor mé i ndliġe ár n-aiṫreaċ, agus mé dúṫraċtaċ ar leiṫ an dliġe, mar atá siḃ-se uilig mar an gcéadna indiu:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus duḃairt sé: Fear Iúdaċ iseaḋ mise. i dTarsus Cilicia do rugaḋ mé, aċ sa ċaṫair seo iseaḋ do tógaḋ me, ag cosaiḃ Ġamaliéil, agus do múineaḋ mé do réir fírinne dliġe ár sínsear, ċóṁ seasaṁaċ do’n dliġe sin agus atáṫaoi-se go léir indiu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 As Iúdaiġe misi gan aṁarus, rugaḋ a Dtarsus, na Cilícia, giḋeaḋ as ann sa ċaṫruiġsi ag cosaiḃ Ġamáliel do hoileaḋ mé, agus do muineaḋ go diongṁála a ndliġeaḋ ar naiṫreaḋ mé, agus do ḃí mé ar lasáḋ do ġráḋ Dé, aṁail agus ataṫáoisi uile a niu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 22:3
27 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí deirḃṡiúr aici darḃ ainm Máire, do ṡuiḋ ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n‐a ḃriaṫar.


Agus ṫarla, tar éis trí lá, go ḃfuaradar é sa teampall ’n‐a ṡuiḋe i measc na n‐ollaṁ, ag éisteaċt leo agus ag cur ceisteann orṫa:


Agus do ċuadar amaċ go ḃfeicfidís créad do ṫuit amaċ; agus ṫángadar ċum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imṫiġ na deaṁain, a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ġlain‐ṁeaḃair ag cosaiḃ Íosa: agus do ḃí eagla orṫa.


Agus do ċuaiḋ Barnabas go Tarsus ar lorg Ṡaul:


agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte:


Agus do ċuaiḋ sé tré Ṡiria agus tré Ċilicia, ag neartú na n‐eaglais.


Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt:


Aċt aduḃairt Pól, Is Iúdaċ mé, as Társús Ċilicia, caṫruiġṫeoir caṫraċ naċ suaraċ; iarraim ort a leigin dom laḃairt leis an bpobal.


Agus nuair ḃí an litir léiġte aige, d’ḟiafruiġ sé cia an ṗroiḃinnse arḃ as é; agus nuair do ṫuig sé gurḃ as Cilicia ḋó,


Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail.


Is eol dóiḃ ó ṫús, dá mba ṁaiṫ leo a ḋeiṁniú, gur ṁaireas im’ Ḟairisíneaċ de réir riaġlaċ na h‐aicme is mó díriġeaċt ’n‐ár gcreideaṁ.


Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa.


agus do ḃí fonn orṫa iad do ṁarḃaḋ. Aċt d’éiriġ duine ’n‐a ṡeasaṁ san árd‐ċóṁairle, Fairisíneaċ dárḃ ainm Gamaliel, ollaṁ dliġiḋ, go raiḃ cion ag an bpobal air, agus d’órduiġ sé na fir do ċur ṫar doras amaċ tamall.


Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.


Aċt do ċuaiḋ Saul, agus é ag sír‐ṡéideaḋ bagarṫa agus báis i gcoinniḃ deiscéabal an Tiġearna, ċum an ard‐ṡagairt,


Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Éiriġ, agus imṫiġ go dtí an tsráid ar a dtugtar Díreaċ, agus loirg, i dtiġ Iúdáis, fear dar ab ainm Saul, ó Ṫársus; óir atá sé ag urnaiġe;


Agus nuair fuair na bráiṫre fios ’n‐a ṫaoḃ sin, ṫugadar síos go Céasaria é, agus do ċuireadar as sin go Társus é.


Adeirim d’á ḃriġ sin, Ar ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal? Nár leigiḋ Dia é. Óir is Israelíteaċ mé féin, duine de ṡlioċt Abraċaim, de ṫreiḃ Ḃeniamín.


An Eaḃraiḋiġ iad‐san? Is eaḋ mise, leis. An Israelítiġ iad? Is eaḋ mise, leis. An clann Abraċaim iad? Is eaḋ mise, leis.


agus gur ṁó do ċuaḋas ar aġaiḋ i gcreideaṁ na nIúdaċ ’ná a lán daoine dem’ ċóṁaois féin i measc muinntire mo ċiniḋ, agus mé i ḃfad ní ba ḋúṫraċtaiġe i dtaoḃ gnáṫ‐nósann mo ṡinnsir.


’N‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig mé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṡiria agus Ċilicia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan