Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 21:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus nuair ṫáinig Cuprus ’n‐ár raḋarc, d’ḟágamar ar an láiṁ ċlé é, agus do ṡeolamar go Siria, agus ṫángamar i dtír i dTuire: óir do ḃí last na luinge le díluċtú annsin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus nuair a ṫáiniceamar ar aṁarċ na Cufaire, d’ḟágamar ar ár gclí í, agus ṡeolamar ċun na Síre, agus ṫáiniceamar go Tior: óir ba annsin a ḃí ar an luing a lasta a ċur dí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ṫánamair i raḋarc Ċuprois agus d’ḟágamair ar ár láiṁ ċlé é agus ṡeólamair go Síria agus ṫánamair go Túros; óir is ann a ḃí ar an luing a h-ualaċ do ċur aisti.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar dteaċd a raḋarc Ċípruis, agus ar na ḟagḃail air ar láiṁ ċlí ḋúinn, do ṡeólamar go Síria, agus tangamar as sin go Tírus: óir as ann sin bá mián leis an luing a lasd do ċur amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 21:3
22 Iomraidhean Croise  

Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Is mairg duit, a Ċórasin! is mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na míorḃailte do rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fada ó ḃéaḋ aiṫriġe déanta aca, agus iad ’n‐a suiḋe i n‐éadaċ róin agus i luaiṫ.


Ba é seo an ċéad ċóṁaireaṁ do‐rinneaḋ an tráṫ ’n‐a raiḃ Curénius ’n‐a ċeannṗort ar an tSiṫir.


Na daoine do scaipeaḋ mar ġeall ar an ngéirleanṁain d’éiriġ i dtaoḃ Stiofáin, do ċuadar ċóṁ fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaiġ, gan an briaṫar do laḃairt aċt leis na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin.


Agus do ḃí mí‐ġreann mór air ċum muinntire Tuire agus Sidóine: agus ṫáinig siad de ṫoil a ċéile ċuige, agus ag déanaṁ caradais dóiḃ le Blastus seomradóir an ríoġ, d’éiliġeadar síoṫċáin air, toisc a ndúṫaiġ ḃeiṫ d’á coṫú ó ḋúṫaiġ an ríoġ.


Uime sin, do ċuadar fá stiúraḋ an Spioraid Naoiṁ, síos go Seleúcia; agus as sin do seolaḋ iad go Cuprus.


agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte:


Uime sin d’éiriġ easaontas géar eadorṫa, i dtreo gur scaradar le ċéile, agus ṫug Barnabas Marcus leis, agus ċuaiḋ sé ar luing go Cuprus;


Agus do ċuaiḋ sé tré Ṡiria agus tré Ċilicia, ag neartú na n‐eaglais.


Agus tar a éis do Ṗól tamall maiṫ eile do ċaiṫeaṁ annsin, d’ḟág sé slán ag na bráiṫreaċaiḃ, agus do ċuaiḋ sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinḟeaċt leis; tar éis a ċinn do ḃearaḋ i gCenċréa: óir do ḃí ceangal móide air.


Agus ṫáinig i n‐éinḟeaċt linn cuid de na bráiṫreaċaiḃ ó Ċéasaria, agus ṫugadar leo Mnasón ó Ċuprus, sean‐deisceabal, go raḃamar le ḃeiṫ ar aoiġeaċt aige.


agus fuaramar long do ḃí ag dul trasna go Foinícé, agus do ċuamar ar bórd, agus do ġluaiseamar fá ṡeol.


Agus nuair do ḃí deireaḋ le n‐ár n‐aistear ó Ṫuire, do ṡroiċeamar Ptolemáis; agus do ḃeannuiġeamar do na bráiṫreaċaiḃ, agus d’ḟanamar lá ’n‐a ḃfoċair.


Agus ag imṫeaċt dúinn ó’n áit sin, do ṡeolamar ar scáṫ Ċupruis, mar ḃí an ġaoṫ ’n‐ár gcoinniḃ.


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan