Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus líonaḋ leis an Spiorad Naoṁ iad uilig, agus ṫoisiġ siad uilig a laḃairt le teangaċa éagsaṁla, do réir mar ṫug an Spiorad Naoṁ dóiḃ le laḃairt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 agus do líonaḋ iad go léir de’n Spioraid Naoṁ agus ċromadar ar laḃairt i dteangṫaċaiḃ iolarḋa, fé mar a ṫug an Spioraid Naoṁ dóiḃ laḃairt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ḃádar uile ar na liónaḋ don Spiorad Náoṁ, agus do ṫosuiġeadar laḃairt lé teangṫuiḃ eile, do réir mar ṫug an Spiorad laḃairt ḋóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 2:4
55 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair ḃéarfas siad ar láiṁ siḃ, ná bíoḋ sé n‐a ċás agaiḃ cionnas laḃarfas siḃ, nó créad adéarfas siḃ: óir doḃéarfar daoiḃ, an uair sin féin, an niḋ laḃarfas siḃ.


Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua;


Óir béiḋ sé mór i ḃfiaḋnaise an Tiġearna, agus fíon nó deoċ meisneaṁail ní ólfaiḋ sé; agus béiḋ sé lán de’n Spiorad Naoṁ ó ḃroinn a ṁáṫar.


Agus ṫarla, nuair do‐ċuala Elisabet beannaċaḋ Ṁuire, gur ḃíoḋg an naoiḋeanán ’n‐a broinn; agus do líonaḋ Elisabet de’n Spiorad Naoṁ;


Agus do líonaḋ Saċarias, a aṫair, de’n Spiorad Naoṁ, agus do‐rinne sé fáiḋeadóireaċt, g‐á ráḋ,


óir múinfiḋ an Spiorad Naoṁ daoiḃ ar an uair sin cad ba ċeart daoiḃ do ráḋ.


óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ.


Agus d’ḟill Íosa, lán de’n Spiorad Naoṁ, ar ais ó Iórnán, agus do ṫreornuiġ an Spiorad sa ḃfásaċ é,


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


Agus ar n‐a ráḋ sin dó, d’análuiġ sé orṫa, agus aduḃairt sé leo, Glacaiḋ an Spiorad Naoṁ:


óir do‐rinne Eoin baisteaḋ go dearḃṫa le h‐uisce; aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ taoḃ istiġ de ḃeagán laeṫe.


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


Óir d’airiġeadar iad ag laḃairt as teangṫaċaiḃ, agus ag aḋṁolaḋ Dé. Annsin aduḃairt Peadar,


An féidir le duine ar biṫ uisce do ḋiúltaḋ ḋúinn, gan leigin dúinn na daoine seo do ḃaisteaḋ, iad so do ġlac an Spiorad Naoṁ ċóṁ maiṫ linne?


Agus ní túisce do ṫosnuiġeas ar laḃairt ’ná ṫuirling an Spiorad Naoṁ orṫa‐san, fá mar ṫuirling sé orainne ar dtús.


óir fear maiṫ ab eaḋ é, agus do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ agus de ċreideaṁ: agus ba ṁór an méid daoine tugaḋ ċum an Tiġearna.


Agus do líonaḋ na deisceabail de ġáirdeaċas agus de’n Spiorad Naoṁ.


Aċt Saul, go ḃfuil Pól mar ainm air, leis, do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ, agus ag féaċain go géar air,


Agus Dia ṫuigeas a ḃfuil san gcroiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ḃfáḃar, ag bronnaḋ an Spioraid Naoiṁ orṫa, fá mar ḃronn sé orainne;


Agus nuair do ċuir Pól a láṁa orṫa, ṫáinig an Spiorad Naoṁ orṫa; agus do laḃradar as teangṫaċaiḃ, agus do‐rinneadar tarngaireaċt.


Créitiġ agus Arábaiġ, do‐ċluinimíd iad ag laḃairt ’n‐ár dteangṫaċaiḃ féin ar iongantaisiḃ móra Dé.


Agus do noċtaḋ ḋóiḃ mar ḃéaḋ teangṫaċa teineaḋ scoilte ó ċéile, do ṡuiḋ ar gaċ duine aca.


Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.


Annsin aduḃairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naoṁ, A riaġlóirí an ṗobail agus a ṡeanóirí,


Uime sin, a ḃráiṫreaċa, toġaiḋ ’n‐ḃúr measc féin móirṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.


Agus do ṫaiṫin an ċóṁairle sin leis an gcóṁ‐ċruinniú: agus do ṫoġadar Stiofán, fear do ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spiorad Naoṁ, agus Pilib, agus Próċorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteaċ ó Antuaiġ:


Agus do‐rinne Stiofán, agus é lán de ġrás agus de ċuṁaċt, míorḃailtí agus cóṁarṫaí i measc na ndaoine.


Aċt do ḋearc seisean go géar suas ar neaṁ, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ, agus do ċonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé,


Annsin do ċuireadar a láṁa orṫa, agus do ġlacadar an Spiorad Naoṁ.


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú;


Dá laḃrainn le teangṫaċaiḃ daoine agus aingeal, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuilim aċt mar ḃéaḋ prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneaċt.


Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal.


Ḃeirim buiḋeaċas le Dia go laḃraim i dteangṫaċaiḃ níos mó ’ná siḃ go léir:


Ba ṁaiṫ liom go laḃarfaḋ siḃ uile i dteangṫaċaiḃ, aċt dob’ ḟearr liom go mór go ndéanfaḋ siḃ fáiḋeadóireaċt: mar is fearr go mór an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt ’ná an té laḃras i dteangṫaċaiḃ, muna míniġiḋ sé, ċum go ḃfaiġiḋ an eaglais beannaċt.


agus a ḟaide, agus a ḋoiṁneaċt, agus gráḋ Ċríost, ṡáruiġeas gaċ eolas, d’aiṫint, ċum go líonfar le lán‐líonṁaireaċt Dé siḃ.


Agus ná biḋiḋ ar meisce le fíon; ainṁeasarḋaċt is eaḋ é sin, aċt biḋiḋ lán de’n Spiorad;


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.


Óir ní ḋe ḋeoin an duine féin ṫáinig aon tarngaire ariaṁ: aċt is aṁlaiḋ do laḃair daoine do cuireaḋ ó Ḋia, agus an Spiorad Naoṁ g‐á ngluaiseaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan