Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do noċtaḋ ḋóiḃ mar ḃéaḋ teangṫaċa teineaḋ scoilte ó ċéile, do ṡuiḋ ar gaċ duine aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus taisbeánaḋ dóiḃ teangaċa scoilte aṁail de ṫeiniḋ, agus ṡuiḋ ar gaċ aoinneaċ acu:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do taisbeánaḋ dóiḃ mar ḃeaḋ teangṫaċa teine agus iad deiġilte, agus do ṡuiḋ sé ar gaċ duine acu,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do taisbéanaḋ ḋóiḃ teangṫa sgoiltiġe mar ṫeine, noċ do ṡuiḋ air gaċ áon dióḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 2:3
18 Iomraidhean Croise  

Baistim‐se le h‐uisce siḃ ċum aiṫriġe; aċt an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ. Atá a ċáiṫteaċán ’n‐a láiṁ aige,


Agus d’ḟreagair Íosa é, agus aduḃairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuiḃe gaċ dliġe do ċóiṁlíonaḋ. Agus do ġéill sé ḋó an t‐am sin.


Agus aduḃradar le ċéile, Naċ raiḃ ár gcroiḋeaċa ar lasaḋ ionnainn nuair do ḃí sé ag cainnt linn ar an mbóṫar, agus é ag míniú briġe na scrioptúir dúinn?


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Créitiġ agus Arábaiġ, do‐ċluinimíd iad ag laḃairt ’n‐ár dteangṫaċaiḃ féin ar iongantaisiḃ móra Dé.


Agus ṫáinig go h‐obann torann ó neaṁ mar ḃéaḋ cuaifeaċ gaoiṫe aintréine ann, agus do líon sé an teaċ ’n‐a raḃadar ’n‐a suiḋe.


Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.


do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú;


Agus is teine an teanga: doṁan na h‐éagcóra atá suiḋte i measc ár mball is eaḋ an teanga, ag salú an ċuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoġail tré ṫeiniḋ, agus í d’á lasaḋ féin ó ifreann.


Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa.


Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan