Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 19:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus aduḃairt Pól, Do ḃaist Eoin le baisteaḋ na h‐aiṫriġe, g‐á raḋ leis na daoiniḃ creideaṁain san té do ḃí le teaċt ’n‐a ḋiaiḋ, is é sin, i nÍosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus duḃairt Pól: Ḃaist Eoin na daoine le baisteaḋ aiṫriġe, ag ráḋ: Go ṁbíoḋ orṫa creiḋḃeáil san té a ḃí le ṫeaċt ina ḋiaiḋ, is é sin le ráḋ, i n-Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus duḃairt Pól: Do ḃaist Eóin na daoine le baiste aiṫriġe agus duḃairt sé leó nár ḃ’foláir dóiḃ creideaṁaint sa’ t-é a ḃí le teaċt ’n-a ḋiaiḋ féin, ’sé sin i n-Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus a duḃairt Pól, Go deiṁin do ḃaisd Eóin lé baisdeaḋ na haiṫriġe, ag ráḋ ris an bpobal, creideaṁ ann sa té do ṫiocfaḋ na ḋiáiġ féin, eaḋon, a Níosa Críosd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 19:4
16 Iomraidhean Croise  

Do‐ḃeir Eoin fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ agus glaoḋann sé, g‐á ráḋ, Is é seo an té go nduḃras ’n‐a ṫaoḃ, An té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, do cuireaḋ róṁam é, óir ḃí sé ann róṁam.


D’ḟreagair Eoin dóiḃ, g‐á ráḋ, Do‐ġním‐se baisteaḋ i n‐uisce: aċt atá ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐ḃúr measc duine naċ aiṫnid daoiḃ,


an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, naċ fiú mise oiread agus iall a ḃróige do scaoileaḋ.


Ṫáinig seisean mar ḟiaḋnaise, ċum go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsolais, ċum go gcreidfeaḋ gaċ aoinneaċ tríd.


óir do‐rinne Eoin baisteaḋ go dearḃṫa le h‐uisce; aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ taoḃ istiġ de ḃeagán laeṫe.


Agus ba ċuiṁin líom briaṫar an Tiġearna, mar duḃairt sé, Do ḃaist Eoin le h‐uisce, aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan