Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 15:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus d’ḟan an ċuideaċta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaoḃ na míorḃal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríoṫa féin i measc na gCineaḋaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus d’ḟan an sluaġ uilig ina dtost: agus d’éist siad le Barnabas agus Pól ag innse méid na míorḃail agus na n-iongantas a rinne Dia tríoṫa-san imeasc na gciniḋeaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ansan d’ḟan na daoine go léir ciúin agus ḃíodar ag éisteaċt le Pól agus le Barnabas ’ġá innsint cad iad na mírḃúiltí uaṫḃasaċa a ḃí déanta ag Dia tríoṫa féin imeasg na ngeinte.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ann sin do ṫoċdadar an ċuideaċda uile, agus tugadar éisdeaċd do Ḃarnabas agus do Ṗól, ag innisin créad é méud na gcoṁarṫaḋ agus na míorḃuileaḋ do rinne Día ṫríoṫaḋ féin eidir na Cineaḋaċuiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 15:12
6 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ.


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.


Agus ar ṡroiċeaḋ Iarúsalem dóiḃ, d’ḟáiltiġ an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gaċ a ndearna Dia tríoṫa.


Agus nuair do ḃí beannuiġṫe aige ḋóiḃ, d’innis sé ḋóiḃ i ndiaiḋ a ċéile gaċ a ndearna Dia i measc na gCineaḋaċ de ḃárr a ṡeirḃíse.


Óir ní leoṁfad laḃairt aċt ar na neiṫiḃ do‐rinne Críost ṫríom‐sa, ċum na Cineaḋaiġ do ḋéanaṁ uṁal, le briaṫraiḃ agus le gníoṁarṫaiḃ, tré ċumas mór‐ċóṁarṫaí agus iongantaisí,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan