Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 13:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Annsin ar déanaṁ troscaiḋ, agus urnaiġe, agus ar ċur a láṁ orṫa dóiḃ, ċuir siad ċun siuḃail iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan do ḋeineadar trosgaḋ agus úrnuiġṫe agus ċuireadar a láṁa orṫa-san agus ċuireadar ċun súḃail iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 An sin ar ndéunaṁ troisge agus úrnaiġe ḋóiḃ, agus ar gcur láṁ orṫa, do léigeadar úaṫa íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 13:3
18 Iomraidhean Croise  

agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.


Agus do ġuiḋeadar, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, ṫuigeas croiḋeaċa na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n ḃeirt seo is roġa leat,


Agus ag frioṫáileaṁ gnóṫa an Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ ḋóiḃ, aduḃairt an Spiorad Naoṁ, Cuiriḋ i leaṫtaoiḃ Barnabas agus Saul le h‐aġaiḋ na h‐oibre ċum a ḃfuil siad ceapṫa agam.


Uime sin, do ċuadar fá stiúraḋ an Spioraid Naoiṁ, síos go Seleúcia; agus as sin do seolaḋ iad go Cuprus.


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca.


aċt do ṫoġ Pól Sílas, agus d’imṫiġ sé, tar a éis do na bráiṫreaċaiḃ a ċur fá ċoimirce grása an Tiġearna.


do ċuireadar iad sin i láṫair na n‐abstal: agus, tar éis dóiḃ guiḋe do ḋéanaṁ, do ċuireadar a láṁa orṫa.


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


agus cionnas ḋéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad ċuige? mar atá scríoḃṫa, Naċ áluinn iad cosa na ndaoine do‐ḃeir deaġ‐scéala áṫais!


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


Ná leag láṁa go h‐obann ar aoinneaċ, agus ná bí páirteaċ i bpeacaiḋiḃ daoine eile: congḃuiġ ṫú féin glan.


Is ar an aḋḃar sin ċuirim i gcuiṁin duit an taḃartas ó Ḋia atá ionnat tré leagaḋ mo láṁ‐sa, d’aṫḃrostú.


Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis.


Ṫugadar‐san fiaḋnaise ar do ġráḋ i láṫair na h‐eaglaise; agus ba ṁaiṫ a ṁaise ḋuit congnaṁ do ṫaḃairt dóiḃ ar a n‐aistear ar ṡliġe dob’ ḟiú Dia é;


Uime sin ba ċeart fáilte do ċur roiṁ a leiṫéidiḃ, ċum go mbéimís ’n‐ár gcóṁ‐oibriġṫeoiriḃ leis an ḃfírinne.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan