Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 13:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ḃí fáiḋe agus múinteoirí san Eaglais, a ḃí san Antuaiġ, agus orṫa sin ḃí Barnabas agus Síomon, dá ngoirtí Niger, agus lúic ó’n Ċuiréin, agus Manahen, a ḃí ma ḃráṫair altroma ag Ioruaḋ, Teatrarc, agus Saul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Aċ ḃí sa n-eaglais, a ḃí i n-Antioċ fáiḋí agus teagasgóirí, ar a raiḃ Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Duḃ, agus Lúcius an Curénaċ agus Manaċen, cóṁḋalta Héróid an tetrarc, agus Saul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ḃadar a neagluis na Hantíoċia faiḋe áiriġe agus luċd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirṫí Niger, ugus Lúcius ó Ċiréne, agus Manahen, coṁalta Ioruáiḋ an tetrarċa, agus Saul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 13:1
34 Iomraidhean Croise  

Agus ag dul amaċ ḋóiḃ fuaradar duine ó Ċuréné darḃ ainm Síomón: do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ airsean dul i n‐éinḟeaċt leo, agus an ċroċ d’iomċar dó.


Agus sa gcúigeaḋ bliaḋain déag de réimeas Ṫiberius Céasar, an tráṫ ’n‐a raiḃ Point Píoláid ’n‐a ċeannṗort ar lúdaea, agus Ioruaṫ ’n‐a ṫetrarċa ar an nGaililé, agus Pilib a ḋearḃráṫair ’n‐a ṫetrarċa ar Itúraea agus ar Ṫraċónítis, agus Lusanias ’n‐a ṫetrarċa ar Abiléne,


agus do‐rinneadar sin, g‐á cur ċum na seanóir tré láṁaiḃ Ḃarnabais agus Ṡaul.


Agus d’ḟill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair ḃí gnó a seirḃíse déanta aca, ag breiṫ Eoin darḃ ċóṁainm Marcus i n‐éinḟeaċt leo.


Aċt Saul, go ḃfuil Pól mar ainm air, leis, do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ, agus ag féaċain go géar air,


Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad.


Aċt d’ḟan Pól agus Barnabas i nAntuaiġ, ag teagasc agus ag craoḃscaoileaḋ briaṫair an Tiġearna, agus mórán eile ag cuidiú leo.


Agus nuair do ċuir Pól a láṁa orṫa, ṫáinig an Spiorad Naoṁ orṫa; agus do laḃradar as teangṫaċaiḃ, agus do‐rinneadar tarngaireaċt.


Is aṁlaiḋ do ḃí ceaṫrar inġean ag an ḃfear sin, maiġdeana do ḋéanaḋ fáiḋeadóireaċt.


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


Aċt do ċuaiḋ Saul, agus é ag sír‐ṡéideaḋ bagarṫa agus báis i gcoinniḃ deiscéabal an Tiġearna, ċum an ard‐ṡagairt,


Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.


Fear ar biṫ do‐ġní urnaiġe nó fáiḋeadóireaċt agus a ċeann clúduiġṫe, do‐ḃeir sé easonóir d’á ċeann.


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal.


Laḃraḋ beirt nó triúr de na fáiḋiḃ, agus déanaḋ an ċuid eile breiṫeaṁnas.


agus bíonn spioraidí na ḃfáiḋ fá smaċt na ḃfáiḋ;


Nó, an mise aṁáin agus Barnabas naċ ḃfuil sé de ċead againn éirġe as obair?


Agus do rinne an ċuid eile de na h‐lúdaċaiḃ an meallaḋ céadna sin i n‐éinḟeaċt leis; ar ṁoḋ gur scuabaḋ Barnabas féin ċum siuḃail le n‐a gceilg.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


Beannuiġeann na naoiṁ go léir daoiḃ, iad‐san go mórṁór ḃaineas le luċt tiġe Ċéasair.


ná déan beag‐is‐fiú de ṫarngaireaċtaiḃ;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan