Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 12:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ar n‐a ḟeicsin dó gur ṫaiṫniġ sin leis na h‐Iúdaċaiḃ, do ċinn sé ar Ṗeadar do ġaḃáil, leis. Agus laeṫe an aráin gan laiḃín do ḃí ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus ar ḟeiceáil dó gur ṫaitin sin leis na h-Iúdaiġ, ċuir sé roiṁe Peadar a ġaḃáil fosta. Agus b’iad laeṫe an aráin gan deascaiḋ a ḃí ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan, nuair a ċonnaic sé gur ṫaiṫn an gníoṁ san leis na Iúdaíġ ċeap sé Peadar leis do ġaḃáil. I laeṫiḃ an aráin gan giost ab eaḋ é áṁṫaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar ḃfaicsin dó gur ṫaitin sin ris na Iúdaiġiḃ, do ċuir sé roiṁe Peadar do ġaḃáil mar an gcéudna. Aċd do ḃádar láeṫe a naráin gan laiḃín ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 12:3
18 Iomraidhean Croise  

Agus an ċéad lá d’ḟéile an aráin gan laiḃín, ṫáinig na deisceabail ċum Íosa, agus aduḃradar, Cá’r ṁian leat go n‐ullṁóċaimíd an ċáisc duit le n‐a h‐iṫe?


óir ba ṁó aca an ġlóir ḋaonna ’ná glóir d’ḟáġáil ó Ḋia.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.


Go fírinneaċ, adeirim leat, Nuair do ḃí tú óg, do ċuirṫeá do ċrios umat, agus do ṡiuḃalṫá id’ roġa áite; aċt nuair ḃéas tú aosta, sínfiḋ tú amaċ do láṁa, agus cuirfiḋ duine eile an crios umat, agus tógfaiḋ sé ṫú i n‐áit naċ áil leat.


Agus nuair do ḃí sé gaḃṫa aige, do ċuir sé i bpríosún é, agus do ċuir sé fá ċúram gárda seisir saiġdiúir déag é; agus é de rún aige a ṫaḃairt amaċ i ḃfiaḋnaise an ṗobail i ndiaiḋ na Cásca.


Aċt Peadar, ag éirġe ’n‐a ṡeasaṁ dó i n‐éinḟeaċt leis an aon duine déag, d’árduiġ sé a ġlór, agus do laḃair sé leo, A ṗobail Iúdaea, agus siḃ‐se go léir ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, bíoḋ a ḟios agaiḃ an méid seo, agus éistiḋ lem’ ḃriaṫraiḃ.


Agus do cuaḋamar‐ne ar luing ó Ṗillippi tar éis laeṫe an aráin gan laiḃín, agus ṫángamar ċuca go Tróas cúig lá ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’ḟanamar annsin seaċtṁain.


Aċt nuair ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe, ṫáinig Porcius Féstus i n‐ionad Ḟéilics; agus le sásaṁ do ṫaḃairt do na h‐Iúdaċaiḃ, d’ḟág Ḟéilics Pól fá ċeangal.


Aċt d’ḟreagair Féstus, agus fonn air na h‐Iúdaiġ do ċur fá ċomaoin aige, g‐á ráḋ le Pól, An maiṫ leat dul suas go h‐Iarúsalem, agus breiṫeaṁnas d’ḟáġail annsin ar na ceisteannaiḃ seo róṁam?


Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa.


Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan