Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 11:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 agus d’innis sé ḋúinn cionnas do ċonnaic sé an t‐aingeal ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a ṫiġ, agus go nduḃairt sé, Cuir fios go h‐Ioppé agus taḃair liḃ Síomón ar a dtugtar Peadar;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus d’innis sé dúinn an dóiġ a ḃfaca sé aingeal ina ṡeasaṁ ina ṫiġ, agus é ag ráḋ leis: Cuir go h-Ioppe, agus goir annseo Síomon, ar cóṁainm dó Peadar,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a ċonnaic sé, ’n-a ṫiġ féin, aingeal ’n-a ṡeasaṁ, agus go nduḃairt an t-aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Ṡímón ar a dtugtar Peadar,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ḟoillsiġ sé ḋúinn cionnus do ċunnairc sé aingeal ann a ṫiġ, na ṡeasaṁ agus ag ráḋ ris, Cuir fir go Ioppa, agus cuir fios ar Ṡiomón, dar ab coṁainm Peadar;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 11:13
11 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait.


Agus aduḃairt an Spiorad liom dul i n‐éinḟeaċt leo gan aon ċeist ḃeiṫ orm. Agus ṫáinig an seisear bráṫar so ’n‐ár gcuideaċtain; agus do ċuaḋamar isteaċ i dtiġ an ḟir:


laḃarfaiḋ seisean briaṫra leat ṡlánóċas ṫú féin, agus muinntear do ṫeaġlaiġ go léir.


Agus nuair ṫáinig Peadar ċuige féin, aduḃairt sé, Is léir ḋom go cinnte, gur ċuir an Tiġearna a aingeal uaiḋ, agus gur ṡaor sé ó láiṁ Ioruaiṫ mé, agus ó n‐a ḃfuil beartuiġṫe ag an bpobal Iúdaċ.


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill.


Agus do luaḋaḋ é ar feaḋ Ioppé ar fad: agus do ḃí mórán do ċreid san Tiġearna.


Agus ṫárla gur ḟan sé morán laeṫe i nIoppé i dtiġ Ṡíomóin, fear leasuiġṫe leaṫair.


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan