Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 10:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ag stánaḋ dó-san air, ġaḃ eagla é, agus duḃairt: Cad é sin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé leis: Ċuaiḋ d’urnaiġṫe agus do ḋéirc suas ċun cuiṁne ort i láṫair Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus duḃairt seisean, agus é ag féaċainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé leis: Taid t’úrnuiġṫe agus do ḋéirc imiġṫe suas, i gcuíṁne, i láṫair Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 10:4
24 Iomraidhean Croise  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, cibé áit ar fud an doṁain ar fad ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníoṁ do‐rinne an ḃean so, mar ċuiṁne uirṫi.


Aċt do ḃí buaiḋreaḋ mór uirṫi de ḃarr na cainnte, agus do ḃí sí ag maċtnaṁ ’n‐a h‐intinn ar cad ba ċiall do’n ḃeannú sin.


agus do ḃí scannraḋ orṫa, agus do ċromadar a n‐aiġṫe ċum na talṁan, agus aduḃradar‐san leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag lorg an ḃeo i measc na marḃ?


agus aduḃairt sé, A Ċornéliuis, do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus do cuiṁniġeaḋ ar do ċuid déirce i láṫair Dé.


Do ḃí an duine seo ag éisteaċt le Pól ag cainnt: agus nuair do ḋearc seisean go grinn air, agus ṫug sé fá deara go raiḃ creideaṁ ċum a ṡlánuiġṫe aige,


Agus aduḃras, Créad atá le déanaṁ agam, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt an Tiġearna liom, Éiriġ, agus téiġ go Damascus; agus inneosfar duit annsin gaċ niḋ atá ceapṫa ḋuit le déanaṁ.


Do ḋearc Peadar go géar air, mar aon le h‐Eoin, agus aduḃairt sé, Féaċ orainne.


Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Agus do ċuaiḋ deataċ na túise, maille le h‐urnaiġṫiḃ na naoṁ uile, suas ó láiṁ an aingil os cóṁair Dé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan