Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Gníoṁarṫa 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 d’ar ṫaisbeán sé é féin beo i ndiaiḋ a ṗáise, le n‐a lán deiṁniú, d’á ṫaiḋḃsiú féin dóiḃ i gcaiṫeaṁ dá ḟiċid lá, agus ag laḃairt ar na neiṫiḃ do ḃain le ríoġaċt Dé:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus ar ṫaisbeán sé é féin beo dóiḃ i ndiaiḋ a páise leis an iomad cruṫuġaḋ ar feaḋ ḋaiċead lá, ġá noċtaḋ féin dóiḃ, agus ag tagairt do ríoġaċt Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus tar éis é féin a ṫaisbeáint beó ḋóiḃ i ndiaiḋ a ṗáise, le mórán deasḃuiṫe, i gcaiṫeaṁ daċad lá, ’ġá ṫaḃairt féin le feisgint dóiḃ agus ag laḃairt leó ar ríġeaċt Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus dár ṫaisbén sé é féin béo a ndiáiġ a ṗáisi maille lé mórán do ċoṁarṫaiḋiḃ fírinneaċa, ar feaḋ ḋá ḟiċead lá dá ḟoillsiuġaḋ féin doiḃ, agus ag teaċd ar na neiṫiḃ do ḃean ré rioġaċd Dé:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Gníoṁarṫa 1:3
27 Iomraidhean Croise  

Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa.


Agus féaċ, do casaḋ Íosa orṫa, agus aduḃairt sé, Go mbeannuiġiḋ Dia ḋaoiḃ. Agus ṫángadar agus rugadar ar ċosaiḃ air, agus d’aḋradar é.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Agus nuair do ḃí troscaḋ dá ḟiċid lá agus dá ḟiċid oiḋċe déanta aige, ṫáinig ocras air ’n‐a ḋiaiḋ sin.


Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


Agus oċt lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí a ḋeisceabail istiġ arís, agus Tomás ’n‐a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt, Síoṫċáin daoiḃ.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ṫaisbeán Íosa é féin do na deisceablaiḃ ag Muir Ṫibérias: agus mar seo do Ṫaisbeán.


Ba é sin an tríoṁaḋ h‐uair do noċtaḋ Íosa do na deisceablaiḃ, tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.


agus do ḃí sé d’á ḟeicsin ar feaḋ mórán laeṫe aca‐san ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé go h‐Iarúsalem, iad‐san atá ’n‐a ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ḋó i láṫair na ndaoine.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tsionagóig, agus ḃí sé ag laḃairt go dána ar feaḋ trí mí, ag diospóireaċt agus ag léir‐ṁíniú i dtaoḃ ríoġaċta Dé.


Agus nuair do ṡocruiġeadar leis ar lá, ṫáinig a lán aca ’n‐a lóistín ċuige; agus do ṁíniġ sé ríoġaċt Dé ḋóiḃ, ag taḃairt fiaḋnaise air, ag iarraiḋ a mbaineann le h‐Íosa do ċruṫú ḋóiḃ as reaċt Maoise agus as na fáiḋiḃ, ó ṁaidin go tráṫnóna.


ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag múineaḋ le dánaċt na neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


Aċt nuair do ċreideadar Pilib agus é ag craoḃscaoileaḋ i dtaoḃ ríoġaċta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteaḋ iad, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


D’ḟuascail sé ó ċuṁaċt an dorċadáis sinn, agus d’aistriġ sé go ríoġaċt a Ṁic ionṁain féin sinn;


agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.


Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan